Tá dhá thréith ar an gClaíomh seo – faobhar agus solas. Teastaíonn an faobhar ón dream a bhfuil fuath acu don Ghaeilge. Tuigeann an dream sin gurb í an Ghaeilge anam na hÉireann, agus má imíonn an Ghaeilge, nach Éire is ceart a thabhairt uirthi feasta ach Sasana Thiar. Bhí lá nár bhac leo cead a gcinn a thabhairt do mhuintir na hÉireann agus go mór mór do mhuintir na Gaeilge, óir níorbh fhearr leo díth ná milleadh dá bhféadfaidís féin a imirt ar Éirinn ná an díth agus an milleadh a bhí dhá imirt uirthi ag a clann féin. Bhí an scéal go sásta acu. Thit a suas orthu. Nuair a dúisíodh iad, níorbh é an scéal céanna acu é. Bhí anam na hÉireann ina dhúiseacht rompu. Tá siad ar buile le tamall, agus ar nós daoine buile, tá gach ainm is measa ná a chéile acu á thabhairt ar an nGaeilge. Sin mar is fearr linn an scéal, lucht uile agus aineolais bheith inár n-aghaidh, agus iad ar dearg-bhuile. Teastaíonn faobhar uathu.
Tá dream eile ann. Dream fuar-the. Dream atá idir breac agus riabhach, mar a bhíonn na lorganna roimh an bhfómhar. Dream na leimhe agus na lag-bhripe. Earbadh eolais atá orthu-san. Déanfaidh an Claíomh seo solas dóibh agus déanfaidh an solas eolas dóibh. Cuirfidh sé ar an slí dhíreach iad.
Tá an tríú dream ann. An dream ag a bhfuil an Claíomh seo ina lámh. Is iad atá ar an dream sin, muintir na Gaeilge agus muintir Chonartha na Gaeilge go háirithe. Is maith is eol do shliocht bhur sinsear an Claíomh a imirt, an faobhar a dhíriú, agus an solas a leathadh. Seo daoibh an Claíomh, más ea. Ná tagadh maoile ar a fhaoibhar fad is atá naimhde don Ghaeilge thuas. Ná tagadh smúid ar a sholas fad is atá mac nó iníon de Chlannaigh Gael nach léir dóibh mór-mháithir na Gaeilge.
CÚRSAÍ AN tSAOIL
THAR LEAR
Beidh áthas ar gach Caitliceach ar fud an domhain a chloisteáil go bhfuil an Pápa ag dul i bhfeabhas.
Bhí sé i mbaol báis ó othras a bhris amach ar a chromán, agus ba éigean don uaireanta an púir seo a ghearradh. Feictear gur contúirteach an gnó é seo, mar tá an Pápa oirdhearc, oirbheartach, an-aosda – tá sé ceithre bliana déag is nócha. Bhí crá croí ar an lia an Biorán suain a chur air ar eagla nach mbeadh croí an treandúin sách láidir chun é a fhulaingt.
Is é saghas bioráin suain atá ag na dochtúirí anois, clóraform a súitear suas trí shrón an othair agus tagann sáimh-chodladh air, sa chaoi nach mothaíonn sé an scian ghéar ag dul dó.
Is é an chaoi a ndéantar an clóraform seo, meascann siad aol, uisce, brígh-aol, agus alcól le chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair ghal-ghuail fúthu go mbíonn siad ag fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirbhigh trí sheacht ndroim ar fhad de phíopa isteach go gloine eile. Bíonn ceann na píopa ina lúba, báite in uisce, sa chaoi go mbíonn an gal fuar sula sroicheann sé an gloine ina sileann sé ina dheora síos inti. Sin é an clóraform.
D'fhéadfá uisce a athchruthú ar an gcaoi chéanna ar an ngal a bhrúchtann ar shrón an choire bhig nó an chiteal atá ina suí go minic ag fiuchadh ar chlár an teinntéain i gcomhair tae a dhéanamh.
Mar a dúirt mé thuas, bhí faitíos ar an lia an chlóraform a thabhairt don Phápa le heagla nach n-éireodh sé go brách as a shuan; agus dá dheasca sin ba éigean d'Athair oirdhearc na gCairéimigh faobhar na scine a fhulaingt ar feadh uair an chloig.
Tá sé ag teacht chuige féin anois, agus ní hiad amháin na Caitlicigh a mbeidh lúcháir orthu, ach gach fear dea-chroíúil ar fud an tsaoil, mar tá Pápa acu faoi urraim mhór mar gheall ar a léann, a intinn, a shéimheacht, agus a charthanacht. Go bhfágfaidh Dia é suas fada.
Is mór, cumhachtach an Náisiún Almanach nó Gearmánach. Is iad na Seirminigh nó Gearmánaigh an dream is treise anois ar dhruim an domhain. Ní sheasfaidh aon Chumhacht mhór eile leo ar feadh ráithe ar pháirc an bhuaile. Tá ceithre mhilliún saighdiúirí acu, gunnaí móra, agus uirlisí tine, agus an t-eolas cogaidh is fearr ag aon bhuíon faoi luí na gréine. Is beag é a mbeann ar aon treibh eile. Tá ór agus airgead acu, intleacht agus ealaíona, agus níos fearr ná sin, tá a dteanga féin acu.
Timpeall céad bliain go leith ó shin bhí an Ghearmáinis faoi dhorchadas. Bhí an Fhraincis á múchadh sna tithe móra, agus i bPálás an rí. Bhí sé de nós ag an rí cumhachtach, cogaidh, Friedrich Mór, an Fhraincis a úsáid go rialta. Deir sé nach raibh litríocht sa Ghearmáinis agus nach bhféadfadh sí dul ar aghaidh in aghaidh na Fraincise. Níor ghéill daoine bochta na tíre in aon chor leis an mbarúil sin. D'fhágadar an Fhraincis ag an rí agus ag na daoine uaisle.
Féach conas atá siad inniu! Tá scoláirí móra an domhain ag foghlaim Gearmáinise inniu.
An lá faoi dheireadh, éiríonn Rúnaí an-impire – an Rúnaí Coigríche a ghairmfí ar a leithéid d'oifigeach i Sasana – éiríonn sé ina shéarm sa Reichstag – Feis na nAlmanach – agus deir sé: – "Tá scoileanna ag na hAlmánaigh i Meiriceá agus in áiteanna eile thar lear chun a dteanga féin a fhoghlaim, mar tá fios acu agus againne freisin mura bhfoghlaimfeadh siad an Ghearmáinis go gcaillfidís a náisiúntacht shinsearach, agus dá réir sin nach mbeadh searc níos sia ag clann a gclainne ar Almanach. Ag géilleadh don smaoineamh seo thug, go dtí seo, Cisteoir na hAlmanach trí chéad míle marc dóibh siúd gach bliain, agus faighim anois nach bhfuil a ndóthain ann. Iarraim, dá réir sin, ar an bhfeis seo cúig chéad míle marc."
Fuair sé an méid sin go toilteanach, sé sin os cionn trí chéad míle punt!
Ó, a Éireannaigh, a chairde mo chroí cad a tharla orainn? Féachaigí ar an nGearmáin mhór nach ligfidh amú uirthi aon fhear amháin dá treibh! Féach ar a teanga bhí ina taom níos measa ná tá ár nGaeilge chaiteachas anois. Chuirfeadh aon phingin amháin ó gach fear in Éirinn ár dteanga ar a bonn. Má tá an teanga suas níl baol don tír-shearc.
EARRAÍ NA hÉIREANN
Ní iontas ar bith é go bhfuil Éire ina tír bhocht, le beagnach céad bliain tá rialtas na Sasanach, de réir a n-admhála féin, ag tarraingt trí mhilliún punt níos mó ná ba chóir dóibh as pócaí na nÉireannach gach bliain. Tá na feirmeoirí dícheallacha ar fud na hÉireann ag obair ó thús go deireadh na bliana ag cruinniú cíosa do thiarnaí talún, agus tá mórchuid de na tiarnaí seo ag caitheamh na gcíos daorshaothraithe sin i Londain, i bPáras, agus in áiteanna eile i bhfad i gcéin.
Is mór agus is trom an t-ualach atá sa dá cháin seo ar dhaoine na hÉireann; agus, go mí-ámharach, is cosúil nach mbeidh aon éadromú orthu go ceann fada. Ach trom mar atá an dá dhíolaíocht seo, tá tarraingt eile airgid níos mó agus níos troime ó dhaoine na tíre, ar nach ndéanann mórán acu aon smaoineamh ar bith; cé gur iad féin atá ciontach le cuid de. Tá na hÉireannaigh – an fear agus an bhean, an tuathach agus an tiarna – ag cur na mílte punt as an tír gach lá chun bia agus deoch, chun éadaí agus troscáin tí agus chun nithe eile a cheannach. Tá mórán den chaitheamh amach seo nach bhfuil riachtanach ar aon chor; óir d’fhéadfadh siad an cineál céanna earraí, nó earraí níos fearr, a fháil i ngar baile a chuirfeadh an t-airgead i mbealach fear ceirde muintire agus a choinneodh mórán lámh-Éireannach gnóthach atá díomhaoin anois de dheasca easpa oibre.
Tá aineolas, agus aineolas go leor inár measc go fóill – aineolas ar na nithe is riachtanaí agus is tairbhiúla dár gcine agus dár mbeatha saolta. Is gnách linn a bheith ag gearán faoi ár n-anacair agus ár mbochtaineacht féin, agus a bheith ag maíomh faoi dhaoine tíortha eile faoina saibhreas agus a sonas. Ach má táimid bocht agus in anacair, nach bhfuil beagán den locht le fáil ag ár ndorsanna féin? Le blianta de réir mar a d’éag ár meas ar ár nGaeilge agus ar ár sean-nósanna, d’éirigh mórmheas againn ar theangacha agus ar nósanna tíortha coimhthíocha; agus faoina dheireadh, le claonadh shean-spiorad na nÉireannach, bhuail barúil isteach inár n-intinní nach raibh aon ní a rinneadh in Éirinn, nó atá dá dhéanamh in Éirinn, chomh maith nó chomh measta – chomh maith leis na nithe a thagann as Sasana nó as tíortha eile na hEorpa. Chaill muid ár n-urraim ar ár dteanga ar dtús; ansin d’éag ár ngrá ar ár gceol i riocht nach gcloistear inár measc go ró-mhinic anois ach ramais gránna craosacha ár namhad; rinneamar faillí i gcluichí fearúla ár sinsear ar son cluichí mnáúla fallsa na n-allmhurach; ina dhiaidh sin agus uile, d’fhéachamar le drochmheas ar lámhcheardaíocht na hÉireann, agus na fir agus na mná a chaith éadaí tíre ina n-óige, b’fhéidir, níl siad cóirithe le dul go haonach nó go margadh anois ina meánaois, mura raibh culaith d’éadaí Sasanacha teannta suas ar a ndromanna; agus níl a dtithe gleasta amach go ceart mura dtáinig gach ball den troscán atá iontu as áit éigin taobh amuigh de chúig chúigí a dtíre féin.
An iontas ar bith é, agus an spiorad sin inár measc, go bhfuil Éire agus fir ceirde na hÉireann, bocht?
AN CLAÍOMH SOLAIS
Nocht an Claíomh dúinn, a fhir eagair. Tá gá le claíomh in Éirinn inniu, agus gá le solas. Tá coillte móra le gearradh againn, coillte dubha dorcha. Coillte atá ag fás agus ag leathadh in Éirinn le h-aimsir fhada. Is coillte iad nach bhfuil iontu ach an t-adhmad is measa dár fás trí thalamh riamh. Tá leathadh acu mórthimpeall ár n-oileáin go dtí nach bhfuil slí siúil ná seasamh againn. Is mithid an faobhar do chur orthu agus gach sceach agus tor agus creachail The torn-up butt of a tree, with the roots sticking out all round it; any very crooked and gnarled piece of timber. Figuratively: a person with a cross, unmanageable disposition. gan áird, gach cuaillín agus géagán agus camstuaicA stout, crooked limb of a tree; anything crooked and unmanageable.míchothromachAwkward, unmanageable., a ghearradh ón bpréimh amach agus tine chnámh a dhéanamh díobh. Is iad coillte an Ghal Bhéarla na coillte sin. Táimid múchta acu. Táimid curtha amú acu. Tá adhmad breá glan díreach réidh ard na Gaeilge brúite, bargaithe, curtha ar feóIn a decaying state., ag an nglamaraiscAnything that makes an ugly, crackling noise. bhosraí seo atá leathadh timpeall na bpréamh aige, á gcorg ar ghrian agus ar ghaoth.
Nocht an Claíomh dúinn, lig an solas chugainn. Is fada an gá le solas againn. Ba fhada go dtáinig an solas, ach is fearr déanach ná rómhall. Scaip chugainn é faoi dheireadh. Nuair a bheidh an faobhar inár láimh againn agus an solas ar lasadh inár dtimpeall gabhaimse orm go ndéanfaimid slí dúinn féin. Is gearr go mbeidh an choill dá gearradh agus gaoth á tabhairt do na cúinní cúnga, agus solas á ligint isteach ar na háiteanna dorcha, agus géaga cama agus luirgne lúbtha an Bhéarla á mbris agus á stracadh agus á raobadh agus á gcaitheamh amach faoin spéir, sa chaoi go mbeidh radharc ag an saol mór orthu, agus go bhfeicfidh uasal agus íseal nach bhfuil sa Bhéarla ach brosnaBrushwood., agus má cheap aon duine gur adhmad uasal é go raibh dearmad ar an té sin, agus nach gceapfadh aon duine é mura mbeadh na luirgneLuirgne, pl. of lurga – A shin; a slender limb of a tree, resembling a shin-bone. cama i bhfolach.
Nuair a bheidh an brosna glan as an slí, nuair a bheidh an talamh réidh ón achrannAnything that causes obstruction., nuair a bheidh an drabhlásRubbish, refuse, débris. agus an fiántas agus an fás mífholláin scuabtha as an slí, ansin is ea a chífar na crainn áille, ár n-adhmad féin, na crainn atá ag fás in Éirinn le dhá mhíle, ní hea ach trí mhíle, bliain.
Is mór an obair atá roimis an Claíomh. Ní mór dó faobhar maith a bheith air. Ní dhéanfaidh claíomh span class="popup">maol
Blunt. an gnó go deo. Ní foláir dó, i dteannta an fhaoibhir, an béalA mouth; the edge of any sharp weapon, or cutting instrument. a bheith crua aige. Is iomaí gad righin agus fadharcán daingean a bheidh le gearradh aige agus mura mbeidh an béal crua aige is gearr go mbeidh sé manntaGapped.. Is beag an tairbhe claíomh mannta. Ach ní baol don chlaidheamh seo. Tá buannaSome virtue which is in a thing. móra aige ach go bhfaighidh sé ceart. Is é an Claíomh Solais é. Tabharfaidh sé solas uaidh féin don té a bheidh á rampáilThe act of brandishing.. Níl ag an té sin ach a shúile a choinneáil oscailte. Is gearr go dtiocfaidh sé isteach ar an obair. Sin cuid de bhuanna an Claíomh. Is é an Claíomh Solais é ar dhá chuma, nó dá n-abrainn ar thrí chuma. Tabharfaidh sé solas do shúil an té a bheidh á úsáid, eolas dá aigne, agus neart dá chuislinnCuislinn, dat. of cuisle – The arm.. Níl aon duine a rachaidh i dtaithí ar an gclaíomh seo i gceart nach ndéanfaidh gníomh. Déanfaidh sé faoibhreach-cleasA feat of skill with an edged weapon. mar a rinne Cú na gcleas. Labhróidh an claíomh mar a labhair claíomh Fhearghuis. Bainfidh sé gáirí agus damhsa agus léimreacht as an banána agus bocána agus geinte glinneBanána, bocána, geinte glinne – Certain spiritual beings. –– cé gur fada ina gcodladh iad.
Sin iad, áfach, an dá bhua is mó ag an gclaíomh seo, .1. Faobhar agus solas. Faobhar chun na coille a ghearradh, agus solas chun an faobhar a chur i bhfeidhm.
An té a ghlacfaidh an t-arm seo ina láimh agus a cheapfaidh úsáid a bhaint as, tabharfaidh mé aon chomhairle amháin dó. Sula dtéann sé isteach san obair déanadh sé mar a rinne Cúchulainn. Cuirfidh sé eolas maith ar "dheacracht na gcleas." Is sean-fhocal é gur "treise peann ná claíomh." Is minic a chuir an peann an claíomh ar siúl. Ach níor Claíomh Solais é. Is é claíomh na haigne an Claíomh Solais. Is treise é ná aon chlaidheamh coirp. Is é a chuireann an peann féin ar siúl. Ní bheadh aon mhaith sa pheann gan é. Ach is deacra i bhfad na cleasa a bhaineann le haon arm eile.
Foghlaimse na cleasa sin nó is beag an tairbhe duit Claíomh Solais.
Peadar Ua Laoghaire.
Cuairt mhíosa i gConamara.
Ag Tomás Mac Coincheannain.
Nuair a toghadh mé mar thimire Chonradh na Gaeilge i gCúige Connacht, bhí fhios agam i mo chroí istigh nach raibh mé in ann an obair a dhéanamh mar ba chóir,—nach mise an fear ceart sa áit cheart. Ach chuadar orm chomh mór sin ag iarraidh orm an obair a thógáil suas nár mhaith liom iad a dhiúlta. Thug mé toil í a dhéanamh in áit dul trasna go Meicsiceo agus, dár ndóigh, dá dhonacht mé, déanfaidh mé mo dhícheall, agus deir an sean-fhocal linn gur leor do dhuine dona a dhícheall a dhéanamh.
Dá n-imeoinn go dti an tOiléan Úr, mar a bhí rún agam, b’fhéidir go gceapfaí go mbeinn ag iompar mo dhroim ar an obair mhór seo,—go deimhin cheap mé féin é, caithfidh mé a admháil. Nach mbeinn go díreach glan ar nós an tsaighdiúir a thabharfadh a dhroim ar an namhaid i lár na troda? Ar an ábhar sin – chomh maith leis an réasún thuas – thug mé toil in ainm Dé agus Mhuire cion fir a dhéanamh ar son mo thíre, mar táim cinnte dearbhtha gurb í cúis na teanga – an obair atá Conradh na Gaeilge a dhéanamh – gurb í an obair is tírghrádhach a chuir fear ná bean riamh i dtír ar bith ná ceard den domhan, ná a chuirfear chomh fada is a bheidh uisce ag rith agus féar ag fás. Bhí cúis na teanga mar phríomhchúis i ngach tír riamh, agus dár ndóigh, ní hiontas ar bith é sin, mar is é Dia a gheall teanga do gach uile náisiún, agus ó nádúr is ins an teanga sin atá moladh agus glóir, clú agus cáil na tíre scríofa.
Ach cad é seo atá mé a dhéanamh? Bhí fúm cur síos a thabhairt don "Claíomh Solais," ar an gcaoi a fuair mé Conamara agus an obair a rinne mé ann, agus nach fearr dom tosú anois agus gan ligean dom féin dul ar strae níos faide?
An chéad lá d’Eanáir d’fhág mé Inis Meáin Árann an t-oileán beag sin inar rugadh agus tógadh mé agus an áit le cúnamh Dé a chuirfear mé nuair a ghlaofaidh an Slánaitheoir orm go slí na fírinne. Chraith mé lámh agus d’fhág mé beannacht ag muintir an oileáin go léir. Chuir siad impí na naomh ins na flaithis i mo dhiaidh bua agus treise, saol agus sláinte, neart agus misneach a thabhairt dom leis an obair mhór seo a bhí romham a chur ar aghaidh.
Síos liom go Gaillimh ins an ngaltán. Ba Satharn a bhí ann agus seachtain ón lá sin bhí cruinniú – ghá mór le bheith in Uachtar Ard le craobh de Chumann na nGaedheal Aontaithe a chur ar bun ann. Bhí ormsa dul ansin agus iarracht a thabhairt ar rún ag baint leis an nGaeilge a chur os comhair an chruinnithe, agus dá bhféadfainn é, craobh de Chonradh na Gaeilge a chur ar bun san am céanna. Cuireadh na rúin os comhair an chruinnithe mhóir mhillteach agus labhair an feisire Tadhg Ó hArtagáin ina dtaobh. Bhí gairm mhór roimh gach uile rud beag nach, adúirt na cainteoirí i dtaobh cúire na talún, ach nuair a dúirt an tArtagánach go raibh rud éigin eile nár chóir dóibh a ligean as a gcuimhne, rud a ba cheart do gach Éireannach cion agus meas agus grá a bheith aige air, gurb í sin TEANGA NA hÉIREANN chuir siad uall chomh mór chomh láidir astu gur beag nach gcloisfeá i mbaile mór na Gaillimhe í, ag taispeáint don domhan nach bhfuil grá don teanga básaithe fós i gcroí na nÉireannach.
Fuair mé muintir Uachtar Ard toilteanach ar chraobh a chur ar bun ina measc, ach faraor! Ní raibh aon duine le fáil ann ábalta an Ghaeilge a mhúineadh, ach le cúnamh Dé, ní bheidh sé i bhfad mar sin. Tá an t-oide scoile Uilliam Ó Dónaill ag déanamh staidéir uirthi agus tá súil aige taispeántas a fháil lena múineadh sa scoil faoin Lúnasa seo chugainn.
Siar liom ar an traen go Baile na hInse le rún dul as sain ar charr go Cloch na Rón. Ní raibh aon deis le fáil ann agus bhuail mé siar ar an traen go dtí an Clochán. D'fhan mé ann an oíche sin agus lá ar na barraí fuair mé carr agus chuaigh mé ag triall ar Chloich na Rón. Ag siúl an bhóthair dom ar an gcarr casadh páistí dom, mór agus beag, páistí fir agus mná, ag dul chuig na scoile. Bhí an maidin an-fhuar agus d'ár ndóigh bhí na créatúra bocht dallrúite leis an bhfuaim. Thug mé ordughadh don tiománaí an carr do stopadh agus marcáil do thabhairt do na páistí. Beirt cailíní bheaga bhí ar mo thaobh féin don charr, mar — caithfidh mé an fhírinne do rá — ba maith liom bheith i n-aice na mban roimhe.
Thornuig mé dá gceistniúcha, agus m'anam do Dhia agus do Mhuire, d'fhreagairadar dom 'san teangaidh na Gallda! "Maireadh," adeirimse leo, "sílim mé gur Éireannach bhí mé ag dul i muige — Sasanach sibh. Ní thug mé aon marcáil d'aon Sasanach roimhe agus ní thugtar anois. Anuas libh don charr, má's é bar do thoil é!" Le linn é seo do rá duairt mé leis an tiománaí stopadh, ach, a mhic ó go deo! Thornuig mo chuid cailíní ag caint i nGaeilge binn bhlasta a chuirfeadh lúthgháir agus áilleacht ar do chroí! B'fhearr leo marcáil agus Gaeilge do labhairt ná Béarla agus siúl dá gcomhair. B'fhiúntas go raibh náire orthu faoi n-a dteangaidh do labhairt, ach ina dhiaidh sin féin cuimnígheadar ar an sean-fhocal "Is fearr marcáil ar gabhar ná coisíocht dá fheabhas."
Creidim nach bhfuil cúram dom a rá go dtug mé comhairle ar na gearr-cailíní simplí seo, agus sul má sgar mé leo, an náire sin do bhí orthu i dtaobh a dteangaidh, bhain mé asta é.
Ar theacht dom go dtí Teach Scoile an Chalaí, d'ár ndóigh chuaigh mé isteach gur beannaigh mé don Ghaeilgcoir cliste sin Dónall Ua Fótharta. Tá fhios ag gach uile dhuine baineann le cúis na Gaeilge cad é Dónall, agus ní déarfadh mé níos mó 'na thaobh ach gur Éireannach mór mílteach atá ann, a bhfuil croí mór, fial agus fairsing aige agus tá sé féin, agus go bhfuil grá dó Éireann agus gach uile sort baineann le hÉireann ina chroí.
I mBaile Cloich na Rón, ní chuala mórán Gaeilge á labhairt ag muintir an bhaile, ach amháin ag muintir na tíre. Chuaigh mé i measc na ndaoine – na ceannóirí siopa – agus fuaras amach go raibh gach uile dhuine acu in ann an teanga do labhairt go maith agus go cliste ach ní raibhadar dá dheanamh do chleachtadh. 'Sé mo mheas nach bhfuil an oiread agus aon duine amháin ‘sa mbaile nach bhfuil ábalta an teanga do labhairt, ach beagán don aos óg.
Fuair mé an tAthair Uilliam Ua Glaisín, an sagart pobail, go han-toilteanach ar chúis na Gaeilge do chur ar a aghaid, agus cuidi sé liom go mór ins gach uile bhealach dá raibh ar a chumas. Tógadh fear atá 'san Athair Uilliam, Gaeilgeoir deas, ceachtóir breá agus Éireannach chomh maith is téid sé ar bhonn bróige roimhe é.
Baineann Inis Naoi (?) agus Inis Leacan (oileáin beaga atá iontu) leis an pharóiste seo. Thug mé cuairt fá dó nó trí ar gach oileán acu. Siúil mé ó teach go teach 'gá mbrostúghadh agus caithfidh mé a rá gur beag an brostúghadh do theastúi uaidh.
(Tuilleadh.)
CONRADH NA GAEILGE
CRAOBH INIS MEÁIN
Bhí cruinniú de’n cráobh seo suas dreach na scoile an Domhnach seo chuaigh thart. Bhí daoine go leor ann ag déanamh foghlama agus staidéir ar ár nGaeilge binn blasta agus tá siad dul ar aghaidh go réidh-maith. Tar éis iad a bheith trí aig-cuid scríobhtha agus léite, etc. Bhí roinnt scéalta agus amhrán againn agus ansin do léigh sé litir ó Thomás Ó Concheannain ag insint dúinn chomh maith as tá daoine ag obair i n-áiteanna eile ar son na Gaeilge agus le rún do bhrostúghadh. Geall sé leabhar eile mar duais don duine is fearr a scríobhfaidh litir ar ceist ar bith ba mhaith linn.
‘Se an ceist do ceapadh amach bhí sé faoi staidéir "an chaoi do sháimhíl ár n-athairéacha athair Seáin Diolúin ó lucht na banríona in aimsir na bhféiní fad ó."
Tá beirt dár gcomhaltaí imithe uainn go dtí an Oileán Úr. Is ann do rugadh ceann acu. Ní raibh sé ach dhá bhliain déag d'aois, ní raibh aon fhocal Gaeilge aige nuair tháinig sé ann seo trí mhí ó shin agus sul d'fhág sé an áit seo bhí sé ionann an chéad agus an dara leabhar do léitheoireacht agus do scríobhtha agus do thuiscint. Bhí a chuid urnuíche aige sa Ghaeilge freisin, agus bhí sé an-ríméadach faoi bheith ionann iad a rá d’a mháthair nuair rachfadh sé anonn go hAmeiriceá. ‘Sé a ainm Uilliam Ua Cuillionáin bhí an uaigneas ar a chúil-ceathair Pádraig Ua Flaitheartaigh ag scaradh linn agus dúirt sé nach ndearna sé dearmad ar an nGaeilge san tír a bhfuil sé ag dul ann, agus go inseoidh sé do na daoine atá thall an obair atá ag déanamh san tír seo le ár nGaeilge do chongbailt beo.
Is fada atá an seachtain seo chugainn ag breathnú dúinn go bhfeicfimid "An Claíomh Soluis."
Tá lucht na Cráibe seo ag cur a mbuíochas ag Dúbhglas de hÍde fá chomh maith agus labhair sé i dtaca na Gaeilge ag ceistiú an Oideachais Méadónaigh. Tar éis ar ghnó do bheith déanta bhí ceol rince againn agus ann sin d'imigh cuile duine abhaile an-macánta móiméinte sásda.
CRAOBH NA gCEALLA BEAGA
Tá an cráobh seo ag dul ar aghaidh go breágh. Cid go bhfuil na Cealla Beaga suite i gcroílár dútaí in a bhfuil an Gaeilge á labhairt go coitianta go fóill, gach nós agus beasa agus cleachtaí coigrícocha réim-leath-teann ar mórchuid de dhaoine an bhaile bheag, agus mar sin de, bhí sgiúirí agus crochadh ceann go leor nuair tráthachta ar riachtanas na cráibe ar dtús. Ach go ró-fortúnach tharla fear nó dó i measc an tsluaigh ná’r cailleadh spiorad a sinséir ar feadh móiméintí, agus chuiridís rómpa tine Gaelach do lasadh agus do ghríosúghadh ar an teaghlach ar a raibh sí beagnach múchta le blianta. Is ró-maith a d’éirígh an obair leo, óir faoi n-a gcúram tá mórán de’n aos óg a bhí ag dul ar seachtán i gcúis a tíre féin, ag teacht ar ais, ceann ar cheann, chuig a sean-máthair arís. Ceana tá ainmanna caogaid mac léitheoireachta ar rolla na cráibe, agus is fíor-ainm nach bíonn an méid sin i láthair ag gach comhrúnaíocht. Tá roinn de na macáibh léitheoireachta faoi oideas Seághain S. Mhic an Bháird, agus is é Pádraic Ua Bhróin atá ina oide os cionn na roinne eile. Ag an gcomhcruinniú déighionaí, do léigh an rúnclár cunntas na fiaighneise a thug an "Cráibín Aoibhinn" ar son cúise na Gaeilge i mBaile Átha Cliath beagán seachtain ó shin, agus ar a chríochnú dó, chuir sé an rún a leanas roimh an gcomhthuiscint, agus d’aontúghadh é le haon ghuth, agus le bualadh bos: –
"Go dtuilleann an Dochtúir de hÍde ('An Cráibín Aoibhinn') ár ngrá agus ár mbuíochas, go mór mór ar son na fiaighneise neamh-eaglaí treunmhaire do thug sé i dtaca cúise na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath, ar an seachtain seo chuaigh thart. Go dtugadh Dia fad saoil agus sláinte dó, agus go raibh sonas agus séun, rath agus rathmnas air féin agus ar a bhfuil faoi n-a gcúram."
CRAOBH BÉAL-FEIRSTE.
Bhí tionól den chraobh seo ann oíche Dé Céadaoin agus bhí scata líonmhar mac léinn sa láthair. Bhí "Dionbrólach forais feasa ar Éirinn" á léamh ag an dream is cliste sa Ghaeilge acu, agus bhí cuid eile ag foghlaim Gaeilge ar na leabhraí beaga do ghléas an t-athair Ó Graímna. Bhí cuid eile fós ag foghlaim dán, dréacht as ceoil as Gaeilge. Ní mór liom a rá go bhfuil cúis na Gaeilge ag dul i neart i mBéal Feirste gach aon lá.
OIDEACHAS
Claíomh Geal Solais na nGael.
Sin dáth geal fáilte grádhamhar aoiabhinn
Dáiteasgaiṁ Múimneach maireachtáil muirearach
Ráidim le páirt don mhánla míonla
Bánchinnis aoird seo 'druidim ár ngaoir.
A chara an aitinnteir, bíodh go borraimhail,
Gáireach linn go torannach tríallaí;
Fásfaidh calmaícht tríd gach trodaire,
Tá againn Claíomh Geal Solais na nGael.
Ní searbhas gránna fáilte fíor-bocht,
Fearg ná fíodh ná cabhairéacht doicheallach,
Braithim ag dáimhí Cláir Luirc roimpi,
Ach fáilte chaini i bhfriotalaiibh béil.
'S is gearr go leagfar i Linntibh lóchartha
Plás is puimpe na sotalaigh Sacsanaigh;
Cárnaí créatálaigh céafar gabhta 'ca
'n-árus Cláidimh geal Solais na nGael.
Tá beatha nach tláith ag fás ar mhuintir
Fearainn luirc aoird na leathán-truip Lonnardha;
Seasamh i bpáirt gan spleáchas d'aoinne
's dála a sinnsear filleadh fá réim.
'S é barr gach maitheasa chim-se ar cur againn
Táinte ar Ghaeilge ullaṁ-gnúthach aicmeineach;
'S fá mar measaim-se 's í beir sonas di
'N báite go Claíomh Geal Solais na nGael.
Go maireamh-se a grá gan tairge gan céinseal;
Aithreán Fionn go nglanfaidh le cumas na nirt
D'fhéiseanaidh náire na Seántaslaigh mhuíde seo
Tá ag cur Ghaeilge i n-aimchollaiibh bághail.
Go hard go raibh a ríoghan na ngorm-rosg;
Ádh agus míle agus ocht bhfichid beannacht ort;
Dá Dé-bheatha le fíor-chroíde cumainn chúgainn.
Fáilte, a Chlaidimh Geal Solais na nGael.
Tadhg ó Donncha
5/3/1899.
AN SEAMHÁN CAILÍN
Bhí file ina chónaí i gCarraig na bhFear timpeall céad go leith bliain ó shin, darbh ainm Seán Ó Murchadha. Seán an Ráithíneach is mó tugtaí air, ámh, mar go rugadh i láthair bheag dá nglaoitear Ráithín é. Scríbhneoir an-chliste ba ea é, agus file blasta Gaeilge. Tá cuid dá leabhraí ar fáil fós i mBaile Átha Cliath agus i n-áiteanna eile. Sé, an uair seo ar a bhfuilimid cum trácht, bhí cúigear clainne iníon ag Seán, agus gan aon mhac ina aon chor aige. Duairt cladhaire éigin aon lá amháin le Seán go ndúirt an sagart nach baisteodh sé an chéad páiste eile dó, dá dtitfeadh amach gur cailín a bhí uathu. Dá mhéid eolais a bhí ag Seán, thug sé cluas don bhíonnach sain, agus chreid sé é. Bhí daoine simplí ann an uair sin, agus is annamh do-ghéibhtear a samhail anois. Is é bhí 'na sagart i gCarraig na bhFear an uair sin, an tAthair Domhnall Ó Cearbhaill. Fear breá Groidhe Gaelach ba ea é, go raibh a chroíthe 'na ghnó, agus go raibh meas agus grá na ndaoine air. Bhí an-bhuaireacht aige ar Seán agus ní rachadh sé i ngaoir ná i ngoireacht don tsagart ar eagla gurab amhail bhí sé ag magaidh faoi. Ach pé scéal é, tar éis tamaill do rug bean Seán an seamhán páiste, agus b'é toil Dé gur cailín a bhí inti.
“Geabad-sa anois é!” arsa Seán leis féin, nuair a inseadh do cionnas mar bhí an scéal. “Caithfidh fios a chur air, is dócha. Ní bhíodh-sa istigh roimhe amhail.” Agus chuir sé an ceathramhadh seo síos ar bhleán páipéir agus chuir sé le buachaill é chun an Athair Domhnall:
"A shagairt an deagh-chroí is maith gnaoi méinn is greann,
Ná tagair liom faillíge tar fáom' féin i n-am
Do bhaisteadh mo chailín 'sea í an seamhán ceann;
Sin sgata maith ban síde ar feadh tíge 'n-éinféacht ann."
Do dhearmad Seán imeacht as an tígh, agus bhí sé ag cur de go mór nuair a chonaic an sagart isteach an doras chuige. Ach níor bhac sé leis mar bhí a mhailírt dé gnó le déanamh aige.