Leaḃar I, Uiṁir 4
Áṫ-Cliaṫ, Aibreán 8, 1899
Ní fuláir nó is greannṁar an áit Caisleán Ḃaile Aṫ Cliaṫ. Is beag ná go ḃfuil Bórd ann le gaċ aon tsaġas gnóṫa ṫiucfaḋ ċum do ċuíṁnte do sgrúḋaḋ, agus le gnóṫaiḃ ná cuiṁneóċṫá 7 n'aon ċor orṫa. Má seaḋ ní gan tuarasdal a ḃíonn daoine uaisle na mBórd sain ag obair.
Tí sé buailte isteaċ na n-aigne gur ċuige ġeiḃid siaḋ a dtuarasdal ċum na nGaeḋil do smaċtuġaḋ. Maíṫ an díoġal sain ar na Gaeḋealaiḃ suaraċa.
Cad doḃ 'áil leo sa tír seo i n-aon ċor? Ná fuil an doṁan fairsing acu, nó cár ṁisde ḋóiḃ go léir bás d'ḟaġáil, agus gan ḃeiṫ ag brúġaḋ os cionn talṁan ar ḋaoiniḃ uaisle na mBórd agus ar a gcáirdiḃ san oileán ḃeag so.
Ċuir Bórd de na bórdaiḃ seo, sé sin Bórd an Riaġailtais Áiteaṁla, orduġaḋ amaċ tamall ó ṡoin do luċt coimeádta na mboċt go gcaiṫfeaḋ bean ḟrioṫáilte no ḋó do ṫug an tréiṁse riaċtanuċ fé oideaċas do ḃeit í ngaċ ósboidéal fé na gcúram
feasda. Tá ḟios ag gaċ aoinne' gurab iad na mná riaġalta is mó atá mar ṁnáiḃ ḟrioṫáilte ins na h-ósḃoidéalaiḃ seo le suim ṁór aimsire, agus gur maiṫ an ṁaise ḋóiḃ é. Aċt ní ḃfuiġeann an Bórd blas ná daṫ ar an sgéal sain.
Tá Cumainn na mBoċt ag laḃairt go feargaċ ar an láṁ-láidir séo a ṁeasann an Bórd imirt orṫa. Ċuir Cumann Ṫráiġ-Lí coċal bruiġne dá ríriḃ orṫa féin ċuċa, ġá ráḋ go raḃadar sásta leis na mnáiḃ riaġalta, agus ná béaḋ a malairt acu.
Má tá an meas ceart acu orṫa féin ní ḃéiḋ a malairt acu.
* * * *
Fuarṫas mianaċ i gCondae an Ċláir coṁgaraċ do Ċill-ḋá-Luaiṫ an lá eile agus deirṫear gur mianaċ óir agus airgid é. Tá sé ráiḋte le sínsearaċt go ḃfuil na mianaiġ sin sa talaṁ tímċeall na h-áite ceudna.
* * * *
D'oídiġ bean giúistise do ṁuintir Langford í féin seaċtṁain an Doṁnaiġ seo ṫarainn i n-aice le Ceann-Tuirc, slán mar a n-innstear é! Ḃí sí ar diṫċéille le tamall.
* * * *
Tugaḋ ó Lúnduin go Báile Aṫ' Cliaṫ le déiḋionaiġe carbad do rinneaḋ í nÉirinn céad bliaḋain ó ṡoin do'n Chancellor Fitzibbon, duine de na feisiriḃ do ḋíol Feis na hÉireann le Sacsanaiḃ. Bréagaḋ le h-ór agus le talaṁ é, rinneaḋ Iarla Cláir de, agus tiġearna i ḃfeis na Sacsan, de ḃárr a ṫíre féin do ġearraḋ sa sgórnaiġ, agus deirṫear gur ċosain an cóisde céudna so na mílte púnt air. Ní mór an
sólás a ḃain sé le linn a ṡaoġail as an saiḋḃreas a fuair sé as lag-ḃeart, agus ní fada ṁair an saiḋḃreas na ḋiaiḋ. Ní ḃfuil duine ḋá ṡlioċt ar ṫálaṁ an doṁain indiu, agus is beag an sgeul sain d'Éirinn.
* * * *
Molaḋ míle púnt do ċonstábla ag na siseonaiḃ móra sa Ġailliṁ mar ġeall ar ġortuġaḋ fuair sé 7 do ċuir bun-os-cionn le n-a ġnó é. Gleó éigin a ḃí ag sluáiġ daoine ar aonaċ i gConnamara agus ḃí seisean ġá sgaipeaḋ nuair buaileaḋ le cloiċ san éadan é.
* * * *
Cailleaḋ bean i dtiġ na mboċt i mBeul-Áta an ḟeáḋ seaċtṁain ó ṡoin a ḃí céad agus ċeṫre bliaḋna déag d'aois.
* * * *
Is sleaṁain beul-ṁilis iad na tigearnaiḋe talṁan nuair ṫeasdúiġeann sain uaṫa. Tá cuid acu d'iarraḋ dul isteaċ is na Coṁairliḃ nuaḋa anois ar ġuailniḃ na ndaoine ḃí fé na smaċt ó rugaḋ iad, agus níor airiġis riaṁ caint ċoṁ breáġ bladarṫa agus tá acu. Ċuirfidís cosa crainn fé ċearcaiḃ dar leat, dá mbeiṫeá ag éisteaċt leo. Aċt cuirtearisteaċ iad— faġaduís an cárta cúil 'na ndorn arís, agus geallaim ḋuit gur gearr go dtiucfaiḋ an sean-ġlór ar ais ċuċa. Tá sean-aiṫne ag na coṁarsanaiḃ orṫa, mar ḃí ag an gcat ar an mbainne teiṫ.
* * * *
Ṫeangmuiġ cáirde Ṡeaġáin Réamain agus cáirde Ṡeaġáin Diolúin ar aċéle i Lúnduin an t-oċtṁaḋ lá fiċead do Ṁárta le h-aġaiḋ teaċt ċum socruiġṫe le ċéile, agus fágamuíd le h-uaḋaċt nár ḃ'aon náire ḋóiḃ sin, már is fada an clampar eatorṫa. Ag briseaḋ na leac-oiḋreaċ a ḃíodar i gcóṁair an agallaim i mBaile Aṫ' Cliaṫ an ceatraṁaḋ lá do'n mí seo. Is mór an níḋ iad do ḃeiṫ ag teaċt i gceann a ċéile, aċt deir daoine áiriġṫe ná fuil an fuadar ceart fúṫa go léir an iarraċt so. Muna ḃfuil, is é ár dtuairm go ḃfuil na h-Éireannaiġ atá sa ḃaile ag cruinniuġaḋ céille. Sí an coṁairle rinneadar, pé níḋ ḃí ag gaċ' taoḃ le ráḋ do ċur ar cáirde go mbuailfidís um a ċéile i mBaile Aṫ' Cliaṫ agus measdóirí do réiḋfeaḋ an cás dóiḃ do ċeapaḋ na ḋiaiḋ sin. Ní raiḃ Seaġan Réamain féin ná Taḋg Ua hÉillide láiṫreaċ.
FEARGUS FINN-ḂÉIL.
Is geárr go mbeiḋ Dáil Síṫ na suiḋe i mBruaċ-sáile i mḂealaċaoiḋ. Beiḋ fir-laḃarṫa ann ó gaċ Cúṁaċta i roinn na hEórpa 7 Aimeiriocá.
Is é Sár na Rúise do smuainiġ ar dtús ar an Dáilseo. Ba ro-ṁaiṫ an rud é, mar aduḃairt sé, dá mbiaḋ cuing síṫċána idir na Cúṁaċta i ġcár ná'r ġáḃaḋ ḋóiḃ armáil ċoṁ mór 7 atá acu do ċongḃáil suas feasda.
Is inċreidte gur b'iongantaċ an cosdas maiṫṡluaġ saiġdiúirí 7 loingeas do ġléasad, fuirinn 7 cipe d'éideaḋ, do ḃeaṫuġaḋ, 7 do ċóiriúġaḋ i gcóṁair cogaiḋ. Is mór é íoc 7 cáin daoine na hEórpa leis an ndream ḃfear-cóṁraic seo do cur i n-eagair ion-ċaṫa. Is trom an muirear neaṁ-ṫairḃeaċ na saiġdiúirí 7 na máirnéaluiġ, 7 is mór an sgrios ar ḋaoiniḃ boċta, macánta, leaṫ-láṁaċ gaċ náisiúin naċ ḃfuil na saiġdiuirí seo ag tuilleáḋ a gcoda le h-allus leacan ag deanaṁ oibre soirḃíġe éigin, seaċas ḃeiṫ ag praṁsáil ar leacaċaiḃ sráide 7 daoine na tíre ag díol go daor as a gcuid suilt.
Díoltar deiċ a's dá ḟiċid milliún púnt ins an mbliaḋain as armáil 7 loingeas Ṡasana, 7 díolaid na hÉireannaiġ cuid maiṫ ḋe seo, giḋ gur beag dá ḃárr atá againn-ne. Cuireann sé faoḃar ar ḟiaclaiḃ ḋuine maċtnúġaḋ ar an tseasgaireaċt 7 ar an compórd do ṫaḃarfaḋ trian an méid seo airgid d'áiteóiríḃ Éireann 7 Ṡasana, dá mbiaiḋ sé caiṫte i gceart. Do ṫaḃarfaiḋe as an méid seo dualgus nó féirín bliaḋanta-ṁuil do gaċ sean lánaṁa ar fuaid na dtíorṫa do ċaiṫ á saoġal ag obair go dúṫraċtaċ, 7 nuair do ṫagann an ċríonnaċt 7 easba luaḋáil cos 7 láṁ orṫa naċ ḃfuil aon níḋ is fearr againn dóiḃ ná iad do ḋeilt ó n-a ċeile 7 a steallaḋ isteaċ ċum báis d'ḟáġail i dTiġ na mBoċt.
An dóiċ leat go dtiocfaiḋ aon toraḋ as an Dáil Ṡíṫ seo? Ní ṫiocfaiḋ blúire. Ní fuil na Cúṁaċta dá ríriḃ. Beiḋ na fir-laḃarṫa go binn-ḃriaṫaraċ le n-a ċéile. Déarfaid gur ḃ' an-ṁaiṫ an rud armáil a ċéile do laġdúġaḋ, aċt ní ḟuil aon iontaoiḃ acu as a ċeile, 7 béiḋ a gcuid cainte ċóṁ neaṁ-ṫairḃeaċ le puiċín gaoiṫe.
Tá Cúṁaċta na hEórpa ag faire ar an tSíne nós scata faol-ċoin ar ġearán ḃacaċ.
Tá réise maiṫ ḋi ag an gcuid is mó acu anois. Tá Bealaċaoiḋ 7 Íodáile ar tí smioṫ dí ḃeiṫ acu, nós ċáċ. Nuair do ḃris na nÍodáiliġ ar an bPápa, timċeal deiċ mbliaḋna fiċead ó ṡoin, ṡaṁluiġéadar gur ċóir dóiḃ féin ḃeiṫ na mór-ċúṁaċt, ċóṁ maiṫ leo. Ċúmadar 7 ġléasadar loingeas, 7 ḃailiġeadar armáil.
Tá a rian air, is suaraċ naċ ḃfuil na daoine ḃoċta brisde le cíos 7 cáin. Is mór an truaġ é, mar is daoine soċma, macánta, iad. Is mairg ná cuiṁníġṫear ar an sean-focal — "ná leaṫ de ḃrat aċt mar ḟéadfair é ċúnnlaċt."
Ní ceart breis ḋóiċ, ná muiniġin, do ċur i nduine 'ná i Náisiún do ḃorrann suas go h-árd-ṗéacaċ í seal ġeárr. Féaċ ar an bpúcapaḋail — fás aon oiḋċe ḃroṫalaíġe aṁáin. Buail speaċ air i meáḋon lae 7 n-ḟuil ann aċt gal, 7 gaoṫ, 7 deannaċ nó luaiṫreaḋ Cuireaḋ an ruagaḋ ar na hIodáiliġ leis na hAiḃisíniġ, 7 measaid siad anois coiṁeasgar do ḋeanaṁ leis na Síniġ muna ḃfaġaid siad roinn dá gcríoċ uaṫa. Tá na Rúisíniġ lán-ċúṁaċtaċ annsúd, 7 má's maiṫ leo sain do ġeoḃaiḋ na hIodáiliġ scealabóg de'n tSíne.
Is soṫ liom náċ ḃfuil na Spáinniġ ag dul ar aġaiḋ 7 'gá gceartúġaḋ féin mar ba ċóir. Tá an dónas ág gaḃáil dóiḃ le ḃliaḋantaiḃ.
Ba ṁaiṫ an sás caḃruiġṫe leis na hÉireannaiġ iad ins an tsean-aimsir, 7 níor ċeart dúinn é ḋearṁad dóiḃ. I laeṫiḃ Ṗiliḃ an Dó do ḃ'iad an dream ḃa ṁó, 7 ba ṫreise, 7 bá líonṁara, dá ḃfeacaiḋ an saoġal ó aimsir na Róṁánaċ. Ní fuíl streatal anois acu d'á nÍmpireaċt ḟairsing tar lear. Ḃris a mbuiḋí eannta i ndéiscirt an Oileáin Úir orṫa i dtosaċ na h-aoise seo. Tá an butún orṫa ó ṡoin. Tá an ċuid ṁór d'á stíuróiríḃ 7 dá dtaoiseaċaiḃ go fáilliṫeáċ, ain eolaċ. Níor ḃ' aon iongna gur ḃuaiḋ na hÁmeriocánaiġ orṫa in san gcaṫ ndeiḋeannaċ. Ní h-ar na saiġdiúiríḃ boċta ḃa ċeart an milleán do ḃeiṫ, mar ṫroideadar-san gó cróḋa mar ba ḋual dóiḃ.
Taréis bruiġne San Iágó do ċur fuarṫas cuid de na sleagánaiḃ teine ar ṗáirc ar ḃualaḋ 7 gan ionnta aċt ceirteaċa 7 brúsgar guail, i n-ionad púdair 7 liaṫróidí cruaiḋe!
Níor ċás dóiḃ caṫ do ċurle n-a leiṫéidiḃ seo d'uirlisiḃ cogaiḋ. Da mbiaiḋ Riaġaltas crúínn, ceart, ins an Spáinn, do croċfaiḋe an té ba cionntaċ leis an mbeart ḟealltaċ 7 leis an gníoṁ gaduiġeaċtá so. Ḋíol an ríoġaċt as ṗúdar í cruáiḋ aċt fuaradás ceirteaċa!
Tá na saiġdiúirí ag éileaṁ a gcuid tuarasdail, níḋ naċ loċt orṫa, aċt deir Cisdeóir na Spáinne go ḃfuil sé creaċda, 7 háċ ḃfuil dadaṁ ins an sparán aige.
Tá rí na Spáinne 'na ġarsún fós. Alfoneo ainm dó, 7 deirṫeas go ḃfuil trioblóid 'na ċóṁair mar tá Don Cárlos arís ar tí na coróinneaċ.
Measann sé gurab é féin an t-oiġre ceart. Ċuir sé cogaḋ fada, fuilteaċ, ċeana ar an dtoisg ċéadna, 7 fuarṫas an buaḋ air. Má tá a leantóirí neartṁar beiḋ anró 7 anacra ins an Spáinn, Ba ṁór an truaġ é sin, mar is fial, féileaċ na daoine iad. Ba ḃorb, uaiḃreaċ an ċúṁaċt í an Spáinn aon uair aṁáin. Ḃí a seólta ar gaċ sáile. Ḃí ór 7 airgead go flúirseaċ aici, aċt indiu tá'sí críona, caiṫte, na sean-ṁnaoi ṁanntaċ ag iarraiḋ déirce. "An té ḃíonn síos buailtear cos air."
CONÁN MAOL.
(Ar leanṁain.)
Ó'n aimsir fadó ḃí éaḋaċ olna d'á ḋéanaṁ in Éirinn. Tráċtann an Seanċus Mór ar a ċiaraḋ, a ċárdáil, a ṡníoṁaḋ, a ḟiġeadóireaċd agus na hoibreaċaiḃ eile tré ar rinneaḋ éadaċ as an olainn. Gní an Seanċus céadna dlíġṫe agus riaġalta í dtaoiḃ éadaiġ olna agus aḋḃar an éadaiġ, in gaċ céim ann a raiḃ sé ó d'ḟág sé croiceann na gcaoraċ gur ḟág sé láṁ an táilliúra nó na ban-táilliúra.
B'iad na mná do lean de'n ċéird olna; is dóiġṫe go raiḃ na fir ro-ġnóṫaċ ag troid nó ag seilgearaċt le h-obair de'n tseórt do ġlacaḋ faoi láiṁ, nó b' ḟeidir nár ṁeas siad gur ḃfiú a saoṫar sníoṁadóireaċd nó fiġeadóireaċd nó táilliúraċd do ḋeanaṁ.
Tráċtann 'leaḃar na gCeart' ar éadaċ olna mar an gcéadna. Sé an ċuid is mó de'n tseanċus atá san leaḃar sin cúntas ar na cíos-ċáinḃ do b' éigin do na mion-riġṫiḃ agus flaiṫiḃ in Éirinn do ṫaḃairt d'árd-riġ Éireann agus do riġṫib Cúigeaḋ do ḃí 'na n-uac-daránaiḃ orra agus is minic go raiḃ fallainge éadaiġ olna ar na ċíos-ċáiniḃ úd. Ḃí de ċíos-ċáin ag riġ Ċáisil ar iaċdaránaiḃ dó, míle fallaing agus míle bó bleaċda. Tráċtaín fós an Táin Bó Cuailġne agus an iomad de ṡean-sgríḃinniḃ eile ar an rud céadna, agus is follus asta so go raiḃ láiṁ-déantas éadaiġ olna coitċeann go leór imeasg ár sean-sinsear in Éirinn.
Is cinnte mar an gcéadna go raiḃ an ċéird go maiṫ aca agus naċ é bréidín garḃ gránda do ċumadar. Tá so follus go leór as an suim ar ċuireadar na séan-ċroiniciḋe san éadaċ so ag cur síos na cíos-cáineaḋ úd. Tá, fós, iomráḋ go minicins na sean-sgríḃínniḃ fá iol-ḋaṫuġaḋ an éadaiġ agus deirṫear gur ó 'n séan éadaċ Éireannaċ fuaradar na hAlbanaiġe an t-éadaċ iol-ḋaṫaċ úd ar a dtugṫar tartán indiú. Baineaḋ aḋḃar na ndaṫ úd as luiḃeannasíḃ na talṁan, agus tá cúntas againn gur tógaḋ na luiḃeanna go sréiséalta le h-aġaiḋ éadaiġ do ḋaṫunġaḋ.
(TUILLEAḊ.)
Mairg 'gar ḃeag leis Dia mar lón.
Is goire caḃair Dé ná an doras.
--------
Is fearr seanḟiaċa 'ná seanḟala.
--------
Is buiḋeaċ le gaċ boċt a ḃfaġann.
Tá bliaḋain nó níos mó 'gam ag éisteaċt
Le cogar doilġéasaċ mo ṁeóin,
Ó casaḋ liom gráḋ geal mo ċléiḃe
Tráṫnóna breaġ gréine 'san ḃfóġṁar.
Ḃí an ḃó ḃuinne ċúṁarṫa ag géimniḋ
'S na h-eunlaiṫ go meiḋreaċ le ceól ;
'S ar ḃruaċ an tsruṫán ar leaṫ-taoḃ díom
Ḃí cailín deas crúiḋte na mbó.
Tá a súile mar lonnraḋ na gréine
Ag sgaipeaḋ tré spéarṫaíḃ an ċeóiġ;
'S is déirġe a gruaḋ 'ná na caora
Ar lasaḋ 'measg craoḃṫaḋ na gcnóḋ;
Tá béilín níos milse 'ná smeurṫa, í
'S is gile 'ná leaṁnaċt a snóḋ:
Ní'l óig-ḃean níos deise 'san tsaoġal seo
Ná cailín deas crúiḋte na mbó.
Dá ḃfaġainn-se áird-ṫíġearnas na h-Éireann,
Agus eudaċa síoda 'gus sróil;
Dá ḃfaġainn-se an ḃain-ríoġan is aoirde
D'á ḃfuil ar an dtalaṁ seo beó;
Dá ḃfaġainn-se ceud loingeas mar spré ḋaṁ,
Píoláitíḋe, caisleáin, agus ór;
Do b'ḟearr liom ḃeiṫ boċt ar ḋruim sléiḃe
Le cailín deas crúiḋte na mḃó.
Muna ḃfuil sé am' ċóṁair ḃeiṫ in éinḟeaċt
Leis an spéir-ḃean ró-ḋílis úd fós,
Is daoirseaċ, dobrónaċ mo ṡaoġal-sa,
Gan suairceas, gan éifeaċt, gan treó;
Ní ḃéiḋ sólás am' ċroiḋe, ná am' inntinn,
Ná suaiṁneas orm oiḋċe ná ló,
Ċum go ḃfeicfead lem' ṫaoiḃ ó n-a muintir
Cailín deas crúiḋte na mbó.
Ó'n Ollaṁ Holger Pedersen, Copenhagen, ċum an
Aṫar Risteard de h-Eneobre, Ollaṁ Gaeḋilge í
Washingṫon.
A ċara Ġaoḋlaċ,
Is binn liom a ċloistin go ḃ-fuil tu ag neart-uġaḋ leis an nGaeḋilge. Ḃaḋ truaġ liom-sa an Ġaeḋilge do faġḃáil ḃáis 7 na Gaeḋil do ċailleaṁain a n-duṫċasa dílis féin 7 gan ḃeiṫ ionnta ó ṡoin amaċ aċt Sasanaiġ. Óir an uair naċ Gaoḋlaċ an teanga ní Gaoḋlaċ feasda an croiḋe ag Éirinn. Agus dar n-dóiġ baḋ mór an truaiġe é sin, óir baḋ iad na h-Éireannaiġ ṫugadar fóġluim don roinn Eorpa go léir a n-allód, 7 is acu-san doġeiḃṫear na sgeulta
fianuiġeaċta rug bárr ar A raiḃ san doṁan ṁór fad ó, 7 fós is í án Ġaeḋilge an teanga is milse blas 7 is binne glór dá ḃ-fuil san roinn Eorpa andiu. Ḋo na Loċlannaċaiḃ damsa 7 dá ḃriġ sin baḋ doiliġ liom an luċt san do ḃíḋis seal mar ódiḃ léiġinn 7 eoluis dúinne do dul ar ceal, 7 níḋ eile atá a ḟios agam-sa go maiṫ má maireann na fior-Éireannaiġ beo go m-baḋ mór ḃus feirrde an cineaḋ daonna.
Misé le mór-ṁeas
HOLGER PEDERSEN.
Ḃí beirt Éireannaċ ag dul tré ḃaile ṁór i Sasana. Ḃí ocras orṫa. Arsa fear aca leis an ḃfear eile, "Ní'l aon Ḃeurla 7 ní'l aon airgead againn, 7 ceurd do ḋéanfamuid?
“Gaḃ ṫusa isteaċ ins an teaċ mór sin ṫall," ars 'eisean. "Cuir do ṁeur in ḋó ḃéal. Béiḋ a ḟios aca annsin go ḃfuil ocras ort."
Ceurd aḃí ann aċt teaċ doċtúra. "Taḃair isteaċ é," ars' an doċtúir, “fiacail ṫeastuiġeas uaiḋ ṫarraingt. Cuir síos ar ċaṫaoir é."
Ṡíl mo ḋuine boċt gur biaḋ ḃí sé 'ḟáġail. Ṫarraing an doċtúir amaċ a ċuid pionsúr.
Tarraing sé fiacail.
“Báḃaḋ! " ars 'eiséan.
“Ḃí a ḟios agam,” ars' an doċtúir, 'naċ í an ḟiacal ċeart a ṫarraing mé.' Ṫarraing sé ceann eile uaiḋ. Ḃris an fear boċt amaċ mar ḟear a ḃéaḋ i ḃfiaḋáin.
"Ḃfuil aon daṫ leat 'ugamsa?" ars'an comráidiġ
"Leig dom," ars 'eisean, "'á dtéiḋfeá ag iarraiḋ biḋ annsin, m'anam le diaḃal," ars eisean, "'á ḃfágfaiḋe fiacail in do ċarḃbad."
CONNAĊTAĊ
Ḃí dealḃ-ċluṫ ar bórd aca i halla Naoiṁ Muire Beilfeirsde Lá Ḟeile Pádraig .i. Naoṁ Pádraig ag Teaṁair. Ḃí mórán daoine i láṫair agus ċuireadar spéis mór 'san dealḃ-ċluṫ Gaeḋilge úd. Is iad aimneéaċa na dealḃċluṫadóirí mar leanas; Naoṁ Pádraig, P: I. Ó. Seaġḋa; Laoġaire rí, M. Ḃ. O' Nualáin; an draoi Ciuidó, P. T. Mag Fíonnlaoiġ; an cruitire, Tomás dé Barrí; Gallóglaiġe, Ernest Ó Maoileagáin agus Pádraig ó Nualáin. Bean rioġan, Eiṫne Nic Ṡeaġain Banóglaċ na Bainrioġna, M. Nic Seaġain.
Tar éis na cluiṫċe úd ḃí comórtus Gaoḋalaċ ar siúḃal aċa agus tugaḋ ḋá ṡeod-ḃonn óir agus mórán airgid mar duaiseanna. Is iad so ṡíos na daoine do ḃain na duaiseanna .i. Comórtus ceoil—(1), Ó' hUactair (Hoctor); (2), Ó Coig (Quigg); comórtus óráide — (1), Ó Nualain; (2), Mag Airiġí; comórtus ringce—(1), an t-ógánaċ Ó Birn; (2), an inġean Ó Coilín; (3), an t-ógánaċ Ó Ceallaiġ; comórtus ceoil imeasġ an aois óig - (1), an t-ógánaċ Miċeál Ó Suḃġaill; (2), an t-ógánaċ Uillíam Mac Seaġain; (3), an t-ógánaċ Ioseṗ Ṁag Airiġ.
Ní raiḃ a leiṫéidi seo de ċleasaiḃ i mBéilfeirsde ríaṁ roiṁe agus do ṫaiṫin siad go mór leis na daoiniḃ do ḃí i láṫair. Deirtear go gcuirfear craoḃ ar bun naċ mbeiḋ a ṁalairt de ṡaoṫar ag a cóṁaltaiḃ aċt dealḃ-ċluṫ 7 ringce 7 ceol na h-Éireann do ċur ar aġaiḋ.
Tá Ard-ṁaor Caṫraċ Béilfeirsde le ḃeiṫ in a uaċdarán ar ṫionól luċt coiṁéada na Gaeḋilge 'san gcaṫair sin ar an deiċṁeaḋ lá d'Aḃraon so ċugainn. Gaḃaḋ árd-ṁaor nó maor gaċ uile caṫraċ ar fúd na hÉireann an déaġ-ṡómpla so ḋó-féin agus déanaḋ sé a ḋiċeall ar son na Gaeḋilge.
* Níor ḃ' ḟéidir dúinn dúinn an tuarisg seo do ċur 'sa ṗáipeur an tseaċtṁain séo ṫarainn. - F. an C.
Áṫ-Cliaṫ, Aibreán 8, 1899.
Feuċ ar an litir a sgríoḃ an t-Ollaṁ Holger Pedersen ċum an Aṫar Risteard de h-Enebre 'san Oileán Úr. Ní ḟeadar ciaca áṫas nó náire is mó is ceart do ḃeiṫ orainn aiste.
Is sgeul áṫais é go deiṁin go ḃfuil spéis mór i dteanga na Gaeḋilge ag a leiṫéid sin de ríoġ-sgoláire,i ndiaiḋ an áṫais, áṁ, tigeann an náire, náire ár gcroíḋe, 7 a ráḋ gurab Loċlannaċ an Gaeḋilgeoir críoċnuiġṫe seo 7 gurab mó go mór an t-eolas atá aige - sean ar ár dteanga nduṫċais 'ná 'tá ag an gcuid is mó dínn féin. Naċ deas an náisiúntaċt atá againn!
Ó! adeurfar, ní ḟuil aon iongnaḋ an t-Ollaṁ Holger Pedersen ḃeiṫ ag deunaḋ stuidéir ar an nGaeḋilg, ó's aoiḃinn leis na teangaiḋ d'ḟóġluim. Tá eolas aige ar gaċ teanga na h-Eorpa, agus níor ṁór dó an Ġaeḋilg do ḃeiṫ aige ċoṁ maiṫ ceudna. Is fear é naċ ḃfeicṫear a ṡaṁail go minic, 7 ní ceart é ċur i gcomórtas le daoiniḃ naċ ḃfuil an t-eolas ná an íntleaċt ceudna aca. Is éagcóir í sin.
Ní h-eaḋ, aċt an íntleaċt 7 an t-eolas atá ag an ollaṁ uasal sin, is iad go díreaċ a ċuireann an náire orainn. Má's rud é gur fiú dó-san a ċuid oibre 7 a ċuid leaḃar d'ḟágáil i gCopenhagen 7 teaċt anall ann so go h-Éirinn ċum Gaeḋilge d'ḟóġluim ó ḃeulaiḃ na ndaoine i n-Arain na Naoṁ, naċ seaċt mó is fiú dúinne ár dteanga féin d'ḟóġluim 7 í laḃairt go coitċeann, ar nós gaċ ciniḋ nár ċaill ṡpiorad a ḋuṫċais glan?
Cad is maiṫ dúinn caint ar ṫír-ġráḋ 7 ar náisiúntaċt, 7 gaċ uile ḟocal asainn i dteanga ár náṁad? Dá mbéaḋ Gaeḋilg againn, níorab gáḋ dúinn aon tormán do ḋeunaḋ. Do ḃéaḋ an sgeul go breaġ soiléir. Ní ḃéaḋ uair 'sa ló naċ mbéaḋ "oráid náisiúntaċ" le cloistint ó ḃeul gaċ Éireannaiġ 7 í "cruinniuġaḋ náisiúntaċ" ins gaċ áit 'na mbéaḋ ḃeirt nó triúr gcóṁluadar a ċéile.
Ann sin iseaḋ a ḃéiḋ buaiḋ ag an áṫas ar an náire. Cuirfimíd fáilte roiṁ na mór-sgoláiriḃ iasaċta gan na cluaise ḃeiṫ ar lasaḋ againn, mar a ḃíonn siad anois, toisg ár dteanga féin ḃeiṫ d'á laḃairt aca-san, 7 sinne 'nár seasaṁ os a gcóṁair ċoṁ boḋar le cloiċ!
AN T-AṪAIR PEADAR UA LAOĠAIRE DO SGRÍOḂ.
****
Do rugaḋ ar ṁada ruaḋ i n-innil lá, agus d'ḟág sé á earball ann. Ḃí sé ansan ag imṫeaċt imeasg a ċóṁarsan san giob de'n earball air, agus isé á ḃí go cráḋte. Ḃíoḋ ceisd agus náire agus ceann-fé air nuair ċiḋeaḋ sé an ċuid eile agus na sguaba breáġṫa troma ag tuitim agus ag luasgaḋ laistiar díoḃ, agus a ḋeire féin gan tuínte air, an fear boċt!
Fé ḋeire ċuíṁniġ sé ar ṡeift a ċuirfaḋ é, dar leis féin, ó ḃeiṫ 'na ṡampla ṡaoġalta imeasg a ċóṁarsan. Ċuir sé sgéala amaċ gur maiṫ leis a ċóṁarsain go léir do ṫeaċt ċuige ar aon láṫair, i lios áiriġṫe a ḃí i lár coille. Ṫánadar. Ní raiḃ blúire cuinne acu leis an ngnó a ḃí aige ḋíoḃ.
Ṫainig sé anáirde ar ṫurtóig a ḃí i lár an leasa agus do laḃair sé leó ar an gcuma so.
"Feuċ!" ar seisean, “a ṁadraí ruaḋa, tá níḋ ag déanaṁ mearḃaill dom le fada, agus measaim naċ ceart dom é ċoimeád níos sia ar m'aigne gan cur os ḃúr gcóṁair. Is iomḋa contaḃairt agus is iomḋa iomárd a ḃíonn os cionn an mada ruaiḋ ó ṁaidin go h-oḋċe agus ód Luan go Saṫaran. Bíonn an fiaḋaċ 'na ḋiaig, agus ḃíonn fear na ngéan 'na ḋiaig, agus bíonn fear na gcearc 'na ḋiaig, agus is deacair dó dul uaṫa go léir. Ba ḋóiċ liom gur ċeart do na madraíḃ ruaḋa, an ċéad níḋ 'ná a ċéile, an rud is mó ṫaḃarfaḋ congnaṁ ċum beirṫe orṫa é ċaiṫeaṁ uaṫa.
Ba ḋóiċ liom gur ṁaiṫ an ċiall dóiḃ é. Ní dóiċ liom go ḃfuil ciall is fearr 'ná é."
Do stad sé agus d'ḟeuċ sé 'na ṫímċeall orṫa. Ní ḟeadradar ó ṫalaṁ an doṁain cad é an fuadar á ḃi faoi, nó cad air go raiḃ sé ag teaċt. D'ḟeuċadar air, agus d'ḟeuċadar ar a ċéile. Níor laḃair aoinne acu.
"Tá," ar seisean, “aḋarca aran ḃfiaḋ, agus bíoḋ gur congnaṁ cosanta ḋó iad, is fearr 'ná san de ċongnaṁ ċum beirṫe air iad. Tá ualaċ ionta, agus tá greiḋm maiṫ le fáġail orṫa. Tá earball ar án ḃfrancaċ agus má ṫéiḋeann leis imṫeaċt ó'n stáca agus a ċeann do ṡáḋ i bpoll, is minic go ḃfanann an t-earḃall lasmuiċ de'n ṗoll, agus go mbeirtear air agus go dtarangṫar an francaċ amaċ as an bpoll agus go mbuailtear buille d'á ċeann ar an gcloiċ rud nár ḃ'ḟéidir a ḋeunaṁ muna mbéaḋ an t-earball. Ní'l aḋarc ná earball ar ġiorḟiaḋ, agus tá a rian air, téiḋeann sé as ċoiḋċe go dtí go mbeirtear ar ċaḃail air. Tá sé buailte isteaċ am aigne, agus deirim go láidir é, gur iomḋa madá ruaḋ maiṫ atá iṫte ag gaḋaraiḃ le bliaġain, agus do ḃéaḋ anso beó i n-ár measg indiu, muna mbéaḋ an t-earball. Ḃíoḋ na neiṫe seo ag teaċt am aigne go minic a ḃfad sul ar baineaḋ an t-earball díom féin, aċt ó sgaras leis an ualaċ iséaḋ ṫuigim an sgéal i gceart. Deirim gan aṁras, aon mada ruaḋ do ḃainfaḋ an t-earball dé éin gur luaṫas reaṫa ḋó é, gur sgaraṁaint le h-ualaċ ó é, gur luiġead ar a ċontaḃairt ó gaḋaraiḃ é, agus gur ḃ' ḟaid ar a saoġal é. Is ċuige ṫugas anso riḋ ċu, na neiṫe sin do ċur os ḃúr gcoṁair. Aon ṁada ruaḋ gut maiṫ leis saoġal fada, saoġal ruairc compórdaċ do ḃeiṫ aige ċóṁairleóċainn do an t-ualaċ earbaill sin do ḃaint dé féin