Leaḃar I, Uiṁir 3

Áṫ-Cliaṫ, Aibreán 1, 1899

CÚRSAIḊE AN tSAOĠAIL

ÉIRE

Eádtromuiġeaḋ trosgaḋ an ċarġais i ndíoġóis Ḃaile Aṫ' Cliaṫ mar ġeall ar an slaġdán-mór atá go leaṫan ann 'san aimsir seo. Tá an triuċ leis imeasg na n-aosánaċ ann. Deirṫear gurab é fé ndeara na h-aicídí sin a ḃeiṫ ċoṁ h-olc agus táid, an ḟuaċt agus an teas a ḃeiṫ ag riṫ ar a ċeile mar tá siad le coiciġeas. Ḃa ṁeasa ná sain an aimsir lasmuiġ d'Éirinn. Ḃí sneaċta go glúiniḃ orṫa i Sasana.

* * * *

Is clos dúinn go dtáinig sgata biṫeaṁnaċ go Baile Aṫ' Cliaṫ ó Lúnduin seaċtṁain ó ṡoin í gcoṁair na Cásga. Ṫugadar mná le na gcois i dtreo ná béaḋ aon droċ-aṁras orṫa, agus ḃíodar idir ḟear agus ṁnaoi gaḃṫa san éadaċ is daoire. ' Fé ḋéin na dteampull atá lán gaċ oiḋċe do'n tseaċtṁain seo ṫángadar do réir cosaṁlaċt. Tá súil ag na constáblaiḃ na ndiaiḋ, má's aon tairḃe ḋóiḃ é.

* * * *

Tá mór-ġearán ag eirġe ó gaċ aon taoḃ ar na ḃóiṫriḃ iarainn seo againn 7 nÉirinn. Nuair tugaḋ ċéad dá luċt stiúrṫa na bóiṫre seo do ḋéanaṁ is fé ṫuairim maiṫeasa do ḋéanaṁ do'n dúṫaiġ é — sé sin adeir an dliġe linn. Aċt bíonn an dliġe cam go minic. Is é cúram luċt stiúrṫa na mbóṫar a bpócaiḋe féin do líonaḋ, agus an ṗiġinn is aoirde ḃaint amaċ. Tá na cumamn ṗuibliḋe ar fuaid na hÉireann 'ġá iarraiḋ ar an Riaġaltas na ḃóiṫre iarainn do ṫógaint fé na gcúram féin agus an dliġe ċur i ḃfeidm. Tá gairm amuiġ ar ċoṁ-ṫionól ṗuibliḋe ag Méire Ḃaile Aṫ' Cliaṫ i gcóṁair an 19 ṁaḋ lá déag d'Abrán leis an inntin sin.

* * * *

Fuarṫas cionntaċ fear-do ṁuintir Mac hÉil ag na siséonaiḃ mórai gCondae Muiġ-Eó gur imir sé droċ-úsáid ar ṁáṫair a ċéile do ċuir ċum ḃáis í. Níor tugaḋ breiṫ fós air.

* * * *

Marḃaḋ sgláḃaiḋe ḃí ag obair ag saor i mBaile Aṫ' Cliaṫ tamall ó ṡoin, agus ḃain a ḃaintreaḃaċ ḋá ċéad púnt le dliġe ḋo'n Maiġisdir an lá fé ḋeireaḋ mar ġeall ar a ḃás.

* * * *

Ḃí Seaġán O Duḃġaill, fear muc do sgólaḋ, ag obair le na ċéird i dtiġ búistéara i mBaile Aṫ' Cliaṫ an tseaċtṁain seo ġaḃ ṫarainn nuair sgein muc na ċoinne agus ċaiṫ isteaċ san uisge beirḃṫe é. Cailleaḋ gan ṁoill é.

* * * *

Ṫáinig maiṫ-ḟluaġ mór Éireannaċ i gceann a ċéile i Manchester i Sasana an oiḋċe fé ḋeireaḋ ag éisteaċt le Seaġán Diolúin agus le Tomás Ua Conċuḃair, Feisirí. Duḃairt an Diolúnaċ go mbéaḋ na hÉireannaig ċoṁ coṁaċtaċ anois agus ḃíodar riaṁ i dtiġ Feire na Sacsan aċt go dtuigidís a ċéile agus an reiḋteaċ a ḃeiṫ eatorṫa. Obair gan táḃaċt, ar seisean, is eaḋ ḃeiṫ ag cur i n-aġaiḋ ár naṁad nó go reiḋtiġmíd féin le ċéile. Ní mór ná gur cuma ḋúinn linn nó 'nár gcoinne aon ċóṁluadar Sasanaċ an ḟaid is ḃeiḋ an sgeul mar tá againn sa ḃaile. Cuirimís ár dteaċ féin í gcóir ar ḋtúis, ar sé, agus éistfiḋ an Sasanaċ go cneasda linn na ḋiaiḋ sin.

Ní mór an muiniġin atá aige deireaḋ ḃeiṫ leis an imreasán de ḃárr an agallaiṁ atá le ḃeiṫ í mBaile Aṫ' Cliaṫ an ceaṫraṁaḋ lá d'Abrán. B'é a ċeannas féin, adeir sé, ba leaṫ-sgeul ag a eascáirdiḃ go dtí seo, aċt ġeoḃaid siad leaṫ-sgeul éigin eile feasda ċum ḃeiṫ i n-aċran a ċéile.

Seo sómpla ar an gcuma tá gnó na hÉireann dá ḋéanaṁ sa ḃFeis. Tá an fear ṫall ag meuduġaḋ a ġléis cogaiḋ an aimsir seo, agus ṁol an Ḟeis na milleoin airgid sa mbreis ċuige sm an lá eile. Leagfar níos mó 'ná milleon eile cána ar Éirinn dá ḋruim sin, aċt níor ċuir na ċoinne as Éirinn-sa ḃFeis aċt aon tseisear aṁáin.

FEARGUS FINN-ḂÉIL.

~~~~~~~~~~~~~~~~~~~

Ní ċáinim duine 's ní ṫugaim mo ṡlán fá aon ;

'S má ċáinid mise ní ṫuigim gúr nár dam é;

An tráṫ ḃíd sultṁar ní sultṁaire cáċ 'ná mé;

'S ní'l ċáil i nduine naċ duine de'n ċáil sin me.