Leaḃar I Uimhir 2

Áṫ-Cliaṫ, Márta 25, 1899

ÉIRE

Tá tráċt mór i nÉirinn le tamall ar aondaċt agus síoṫċáin imeasg na ḃfeisirí, agus déarfaḋ duine gur ṁiṫid dóiḃ an toirmeasg do ċaiṫeaṁ uaṫa feasda.

"Ní ṫérḋeann roġa ó'n reiḋteaċ," adeir an sean-ḟocal. Beiḋ an Sasanaċ ag déanaṁ cosa caoraċ agus uan ḋinn an ḟaid ḃéimíd féin ag imirt ar a ċéile.

Ní mór an gnó atá ar siuḃal i ḃFeis na Sacsan an aimsir seo, aċt an fear ṫall ag taḃairt a ḃillí féin isteaċ, agus ag molaḋ na milliún airgid d'á ġléas cogaiḋ. "Tá an gléas cogaiḋ agat-sa," adeir an tÉiréannaċ, "aċt caitfiḋ mise níos mó 'ná cion duine d'íoc ar á ċoimeád suas."

* * * *

Is iomḋa dílleaċt agus páisde boċt gan ċaraid a tógaḋ isteaċ is na Sgoileannaiḃ Céirde ar fuaid na h-Éireann le tamall maiṫ, agus a fuair beagán éigin léiġinn agus ceárd a ḃeaṫa fé ċúram na mban riaġalta agus na mbráṫar. Is cosaṁail go ḃfuil síntiús éigin ag na sgoileannaiḃ so ó'n stát, agus dar ndóiġ níor ṫaiṫin sin leis an Sacsanaċ. Órduiġeaḋ do na guirtísiḃ an lá fé ḋéire gan aon ṗáisde leigint isteaċ féasda aċt páisde ḃéaḋ i dtreó na n-eugcóra, nó artí droċ-ḃeirte éigin do ḋéanaṁ. Is daonaċtaċ é Seaġan Buiḋe, aċt ná béaḋ sé féin síos leis.

* * * *

Tá na Gaeḋil Aontuiġṫe ar dul an aġaiḋ go maiṫ i gConnaċtaiḃ. Is ait an áit sin Cúige Connaċt. Tá na mílte acra do'n talaṁ is breáġḋa sa doṁan ag coṫuġaḋ stoic ó ḃliaḋain go bliaḋain ann, agus na daoine boċta Gaeḋealaċa díbirṫe go dtí an sliaḃ agus go dtí an bogaċ. Níor iompaiġeaḋ an fód ar an dtalaṁ réiḋ le dá ḟiċid bliaḋan, agus ní ḃfuil taḃairt an ḟéir féin anois innte. Tá na Gaeḋil Aontuiġṫe ag laḃairt suas go dána i gcoinne luċt an feuranaig do ċur agus do ġlacaḋ, 'ġá ráḋ dá roinnfí an talaṁ réid sin ar a coṁṫrom cíosa nár ġáḃaḋ do ċúig reanna an dóṁain ḃeiṫ ag déanaṁ déirce orṫa níos sia. Agus is cosaṁail go ḃfuil an ceart acu. Cruinniġeann na sluaiġte i ngaċ áit ambíonn féuránaċ le cur, agus b'éigean an conndáil do ṫaḃairṫ suas i ḋá áit an tseaċtṁain seo ṫarainn.

* * * *

Is fada tá bóṫar iarainn Ṗortláirge agus Luimniġe gan ḃeiṫ ag dul i leas. Cinneaḋ cóṁairle tamall ó ṡoin do'n Ḃórd-stiúrṫa agus do Ḃórd an Ḃealaiġ Ṁóir Ṫeas, sé sin an bealaċ ó Ḃaile Aṫ' Cliaṫ go Cúige Muṁan, gur ṁaiṫ an rud dóiḃ araon é dá mbeidís fé aon Ḃórd stiúrṫa aṁáin feasda. Buḋ ṁaiṫ an rud dóiḃ sin é gan aṁras, aċt deir na daoine lasmuiġ gur maiṫ ḋóiḃ féin ḋá luċt iomċuir a ḃeiṫ ag gearraḋ i gcoinne a ċéile. Ní ṫaiṫniġeann cuiḃreann do'n tsagas sain leo, agus tá siad ag ráḋ na ċoinne go láidir.

* * * *

Tá casaoid d'á ḋéanaṁ le fada mar ġeall ar na toicéadaí dearga curtar le fios ar an doċtúir. Na doċtúirí ag gearán go ḃfuiġeann saiḋḃir agus daiḋḃir na toicéadaí sin, agus daoine eile 'ġá ráḋ go gcaitfidís déanaṁ gan doċtúireaċt nó iad féin do sgrios muna mbeaḋ an cóṁarṫa dearg le faġáil acu. Go deiṁin is áit an sgeul é go gcaiṫfiḋ an fear tuaiṫe coṁarṫa an ḃoċtáin do ḃeiṫ aige nó na púinnt reaṁara le taḃairt do'n liaiġ. Tá riaġalaċa nuaḋa d'á dtaḃairt amaċ i n-aṫċomaireaċt — an cloiċead dearg le ḃeiṫ ag an duine boċt aṁáin, agus díoluiġeaċt do réir a ṁaoine argaċ n-aon eile do ḋoċtúir a ċeanntair.

* * * *

Ḃí criunnuġaḋ mór Éireannaċ i nGlasċú i nAlbain lá ḟéile Pádraig agus Miċeál MacDáiṫí ag caint leo. Duḃairt sé nár ṡaoil sé go ḃféadfaḋ ár ḃfeisirí aon ṁaiṫ a ḋéanaṁ d'Éirinn sa ḃFeis i Lúnduin an ḃliaḋain seo, agus gur ċuma ann nó ar iad go mbéaḋ an reiḋteaċ eatorṫa. Duḃairt sé na ḋiaiḋ sin gurab é obair dob ḟearr ḟéadfaḋ na feisirí ḋéanaṁ go fóill caḃair do ṫaḃairt do na Gaeḋealaiḃ Aontuiġṫe i ni arṫar na n-Éireann ċum an talaṁ do ḃaint d'ainṁiḋe na gceiṫre gcos agus a ṫaḃairt do'n Ċríosdaiġe.

* * * *

San aṁras tá obair ṁaiṫ ar bun ag Connraḋ na nĠaeḋeal nÁontuiġṫe, aċt is mór an iongantas é muna ḃfuil fir maiṫe i nÉirinn do ċaḃroċ' leoṫa  i n-éagmais na ċeiṫre fiċid éigin féar a ċuireamar go Lúnduin a' braiṫ ar ḃeart éigin dá   ḋéanaṁ dtír.

B'é ár gcoṁairle-ne do na feirsiriḃ seo teaċt aḃaile agus an teanga Gaeḋilge d'ḟoġluim. Ḃéaḋ aon maiṫ aṁáin annsan gan aon dearmaḋ. D'ḟéadfaidís a gcuid aragóna do ḋéanaṁ gan a ṫeanga ḃeiṫ na leaṫ-ḃeul ag an Sasanaċ ag magaḋ fúṫa agus fúinne do ċuir isteaċ iad.

Tá taoḃ eile ar an mbilleoig. Ḃi fear árd-léiġeannta ag taḃairt óráid uaiḋ sa Ḃreaṫanaisg an lá fé ḋeineaḋ ag tráċt ar breaġḋaċt na Gaeḋilge, agus duḃairt nár ṫuig sé cad na ṫaoḃ feisirí náisiúntaċa ḃeiṫ ġá ṫaḃairt orṫa, agus ná cuirid siad aon tsuim sa teangain is dúṫċas do'n Ġaeḋeal. Ní mó ṫuig seisean é 'ná ṫuigimíd-ne.

* * * *

Beiḋ agallaṁ i mBaile Aṫ'Cliaṫ an ceaṫraṁaḋ lá do'n ṁí seo ċuġainn ar son síoṫċána, agus tá feisirí do ġaċ coṁluadar le ḃeiṫ ann. Tá buiḋean Ṡeaġain Réamain agus luċt leanaṁna Ṫomáis Ésmond le téangṁáil ar a ċéile i Lúnduin fé sin, agus b'ḟéidir go dtiucfaḋ maiṫeas éigin as.

* * * *

Is cosaṁail náċ aon ṁaiṫ ḋúinn ár súil a ḃeiṫ le nArd-sgoil ċaitiliceaċ go ceann a ḃfad eile do réir mar duḃairt an Duke of Devonshire an lá eile. Is ball do'n Riaġaltas atá i réim anois é an diúic, agus isé deir sé ná fuil aon ċáll le na leiṫéid d'Ard-sgoil i nÉirinn. Beul fuar is eaḋ Ḃalfour feasda le na ċuid geallaṁna, agus is mairg do'n duine nó do'n dream daoine ċaiṫfiḋ ḃeiṫ ag iarraiḋ déirce.

FEARGUS FINN-ÉIL.

TUILLEAḊ CÁINE.

Tá móran cainte 'san tír so le tamall ar ró-ċáineaḋ na tíre, aċt is cosṁail go mbéiḋ tuilleaḋ aḋḃair cainte againn ar an gceist seo gan ṁoill. Tá an t-iomraḋ amuiċ go dteastóċaiḋ níos mó airgid ó ċisteóir Sacsaine, óir siúd is go ḃfuil a ṫeaċt isteaċ ar ḟeaḃas, is móide atá sé ag cur amaċ gaċ uile ḃliáḋain ag coṫuġaḋ airm agus loingis atá ag fás agus ag meuduġaḋ i g-cóṁnuiḋe. Deirṫear go g-cuirfear ar ais an sé piġne do baineaḋ de 'n tobac anurraiḋ, agus go gcuirfear piġinn de ḃreis ar ċáin ṗáiḋe, no ċáin teaċta isteaċ (income tax). Tá siad dá ráḋ fosda go g-cuirfear cáin ar siucra, ḃ'éidir.

Béiḋ an im ṫríd an mbroċán ár fad linn má baintear leis an siucra, óir caidé ḋeanfeaḋ seaṁná na tíre le na gcuid tae do ṁilsiuġaḋ. Aċt gan aon ġreann ḃéiḋ gaċ cáin aca so in aġaiḋ na tíre so. Ní heaḋ aṁáin go mbainfiḋ siad tuilleaḋ airgid uainn aċt bainfiḋ siad níos mó airgid lainn 'ná bainḟid siad ó ṁuintir na Breataine Móire, má ċoṁṁeastar an méid airgid atá againn leis an méid atá acasan. Is mairg sinn ceangailte le bodaċ ṡaiḋḃir naċ ḃfuil riaġal aige ar a ċaiṫeaṁ.



GNÓ LÍN-ÉADAIĠ.

Taoḃ amuiċ d'ḟeilmeóreaċt, nó saoṫruġaḋ talṁan ní'l gnó eile in Éirinn ḃaineas le sóġ na tíre ċoṁ mór le gnó lín-éadaiġ. Is é an gnó ealaḋanaċ aṁáin atá dá leanaṁaint go tairḃeaċ in Éirinn agus giḋ gur i gcaṫair aṁain, .i. i mBéilfeirsde, atá an gnó so suiḋte beagnaċ go léir, tá an t-airgead déantar as sgapuiġṫe an so is an siúd ṫríd Ulaḋ, ag díol ar lín agus ar earraiḋe eile.

Céad bliaḋain ó ṡoin ḃí an gnó féin leaṫta an fúd na h-Ulaḋ agus is tearc teaġlaċ san gCúigeaḋ ṫuaiṫ naċ raiḃ ag saoṫruġaḋ páiḋe ar ṡníoṁaḋ nó ar ḟiġeadóireaċt agus ḃí an túirne agus an seól le ḟáġail i ngaċ uile cearn d'Ulaḋ.

Cuir Riaġaltas Éireann luċt coiṁeada ós cionn an gnó so agus rinneadar an dream sin sgrúdaḋ ar gaċ gréasán lín éadaiġ agus ar gaċ beart snáṫ-lín agus cáineaḋ díṫ toṁais nó loċt ar biṫ eile gceaċtar aca. D'ḟás an gnó lín éadaiġ fá 'n aire so agus ṁeuduiġ go mór aċt ṫáinig aṫruġaḋ mór ó ṡoin. D'imtiġ Riaġaltas Éireann, ṫáinig sáslaċ (machinery) agus cúṁaċt gaile isteaċ in aġaiḋ lín éadaiġ d'ullṁuġaḋ, tugaḋ an ċuid is mó de 'n gnó isteaċ 'un na mbailteaḋ mór agus ṫoisiġ an gnó so ag meaṫaḋ agus ag dul ar gcúl.

Ní'l sé imṫiġṫe fós, aṁ, siúd is naċ ḃfuil sé ċoṁ láidir a's ḃí. Ḃí aimsear dona aca san ngnó so anurraiḋ agus briseaḋ roinnt cuideaċdán do ḃí

ceangailte leis. Barraiḋeaċt de 'n éadaċ a's de 'n ṡnáṫ do ḃí d'á ndeanaṁ agus d'á gcur ar an margaḋ agus laġaduiġ sin an luaċ. Cuireaḋ ar bun cumann de luct déanta an éadaiġ agus cineadarsan coṁairle gan oiread do ḋeanaṁ. Ċeannaiġeadar na tiġṫe agus na tógṁála ón dream do ḃí briste agus d'iompuiġ iad ċum gnóṫaḋ eile. Táluaċa 'san ngnó lín-éadaiġ ag eirġe ó ṡoin agus béiḋ tairḃe go leór san ngnó so, tá súil againn, ó so amaċ.



CUAIRT ṀÍOSA I gCONNAMARA.

Tomás Ua* Coinceannainn do sgríoḃ.

(Ar leanaṁaint)

D'ḟuagair an t-Aṫair Pádraig ó'n altóir ġó mbeaḋ cruinniuġaḋ againn go dlúṫ ṫar éis an aifrinn le craoiḃ do Ċonnraḋ na Gaeḋilge do ċur ar bun. Ḃí 'ḟios ag ġaċ uile ḋuine 'san bparráiste é le laeṫeanntaḃ roiṁe ṡín 7 rúd is go maḋ é an lá b'ḟliċe ba stoirmniġe ṫáinig le bliaḋantaiḃ, níor ċongḃaiġ sin 'sa mbaile iad, ḃí an oiread sain do ṗráiḋinn aca 'san nGaeḋilg. Ní facaṫas an oiread daoine bailiġṫe i dteannta a ċéile riaṁ i gCloiċ ná Rón 7 ḃí ann an lá sain. Cuireaḋ craoḃ ḃreaġ ar bun ann, 7 tá súil agam go dtiuḃraid sí toraḋ maiṫ líonṁar, 7 nuair ṫiocfas mé ṫar n-ais arís go ḃfeicfiḋ mé aṫarruġaḋ mór ar an mbaile ó'n gcéad la ṫáinig mé ann.

* Caiṫfimid ar leiṫsgéal do ġaḃáil le n-ár gcaraid Tomás Ua Coinccannainn fá “Ṁac Coinceannainn" do ṫaḃairt mar ṡloinneaḋ air. "Ua Coinceannainn" ba ċuirṫe síos ḋúinn. — F. an Ċ.

D'ḟan mé beagán do laeṫeanntaiḃ 'na ḋiaiḋ seo i gCloiċ na Rón, gur ċeáp mé go raiḃ gaċ ṡórt d'ár ḟéad mé a ċuideóċaḋ leis an gCraoiḃ déanta, is annsain ċuaiḋ mé go dtí an Cloċán.

'Sé an Cloċán an baile is mó 7 is éifeaċtaiġe 'san gContae ó Ġaillim siar aċt má's é is mó, 'sé an baile is Gallda 7 is Sasanaiġe freisin ní hé aṁáin 'san gContae aċt i gCúige Connaċt ar fad. Ṡiuḃail mé síos í aníos, anonn 7 anall an dá ṡráid atá ann 7 cuṁa an doṁain orm. Ċeap mé gur ḃ' istiġ i lár Londain Ṡasana do ḃíos! "Ní féidir," adeirim liom féin, "go ḃfuil mé i mbaile an Ċloċáin i gceart-lár Connamara 7 gan focal do ṫeangaiḋ Ṗádraig Naoṁṫa Briġde 7 Cuilm-ċille ḋá laḃairt ann!"

Seo í an ḟírinne anois. Ní ṁeasaim go gcuala an oiread is aon ḟocal aṁáin féin aċt Béarla. Is doiliġ a adṁáil aċt caiṫfear an ḟírinne innsint cé gur minic ḃíonn sí searḃ.

Ċuaiḋ mé go dtí teaċ an tsagairt an Canóin MacAilpín. Leig mé aige m'ainm 7 an gnó ṫug do'n Ċloċán mé. Fuair mé é féin 7 an sagart óg—an t-Aṫair ḃairdín — lán-sásta ar andíċeall do ḋéanaṁ 7 duḃradar go gcuideóċaidís liom ins gaċ uile ḃealaċ dá ḃféadfaidís.

Ṡiuḃail mé ó ṡiopa go siopa, laḃair mé le beag 7 mór, óg 7 sean. Ṁíniġ mé ḋóiḃ an fáṫ ar a dtáinig mé 'na measg 7 an náire ba ċóir ḃeiṫ oraiḃ mar Éireannaċaiḃ, fá n-a dteangaiḋ do leigean ar lár. "Ní hionann siḃse," arsa mise, "7 daoine i mbailtiḃ eile i n-Éirinn,naċ ḃfuil aon eolas aca ar a dteangaiḋ. Acṫ siḃse a rugaḋ 7 a tógaḋ annso i gConnamara, ba ċóir ḋíḃ-se go hairiġṫe í do laḃairt i dtosaċ ar ṫeangaiḋ na Sasanaċ."

Níl duine 'sa mbaile naċ dtáinig liom 'san méid sin. Ḃí náire orṫa roiṁe seo fá n-a laḃairt, 7 cuid ṁór aca naċ leigfeaḋ orṫa féin go raiḃ eolas as biṫ aca uirṫí, seo iad ag laḃairt Gaeḋilge arís ċoṁ blasta le muintir Árann féin!

Ċaiṫ mé trí lá mar so ag dul i measg na ndaoine 'gá spreagaḋ 7 caiṫfiḋ mé a ráḋ go raiḃ iongantas mór orm fá'n aṫarruġaḋ ṫáinig ar na daoiniḃ. Ṡiuḃail mé tríd an margaḋ Dia Saṫairn. Casaḋ fear ḋom darḃ ainm Pádraig Garḃ as Cloiċ na Rón — ball de'n ġéag ċuir mé ar bun an Doṁnaċ roiṁe sin. Ar an nóimíd is ċonnaic sé mé ṫáinig sé anall 7 ṫug sé creaṫ láiṁe ḋom. Ḃiomar ag caint 7 ag cur-síos ar an obair rinneaḋ 'na ḃaile féin an tseaċtṁain roiṁe sin 7 ag géarán ar laiġead an ṁeasa ḃí ag muintir an Ċloċáin ar an teangaiḋ 7 an graḋ mór ḃí aca ar an mBéarla, nuair ṫáinig ceannuiġe mór anall 7 d'ḟiafruig de'n ḟear so: “How much would ye be wantin' for the sheep?" D'ḟreagair Pádraig ḋó i nĠaeḋilg, is ní túisge ḃi ṡin déanta nuair laḃair an boicín seo: "Tis bargains we want, not Irish!"

An biṫeaṁnaċ so 7 a leiṫéidí ḋéanas an mí-áḋ mór do'n Ġaeḋilg. Seomíní an Ḃéarla ḟásas suas ó'n salċar 7 ó'n mbréantas – sin iad 7 a leiṫéidí ḃreaṫnúiġeas anuas ar ár dteangaiḋ tíoraṁail le tarcuisne 7 mí-ṁeas 7 ṫosnuiġeas ag magaḋ fá ṁuintir na tuaiṫe nuair ṫigeás siad ċuig a gcuid siopaoi 7 nuair laḃras siad i nGaeḋilg. Ḃí an teanga sáṫaċ maiṫ ag Naoṁ Pádraig 7 Naoṁ Colm-cille 7 Aoḋ Ruaḋ 7 Eoġan Ruaḋ í gaċ uile ḟear maiṫ 7 ceannsaċ d'á raiḃ i n-Éirinn riaṁ anuas go dtí an t-Aird-Easbog Seaġán Mac hÉéil, aċt níl sí galánta go leor ag spriosánaiḃ na haimsire seo! A Ḋia, naċ naireaċ an sgéal é! 7 naċ símeaṁail an ṁaise do ċuid againn Éireannaiġ do ṫaḃairt orainn féin 7 gan focal do ṫeangaiḋ na hÉireann 'nár bpluic!

Ní túisge ḃí na focla so amaċ as béal an ḟir seo

nuair ḃí beirt nó triúr réiḋ le breiṫ i ngreim sgórnaiġ air 7 taċtaḋ do taḃairt dó, muna mbeaḋ go rugas orṫa 7 aduḃart leo foiġead do ḃeiṫ aca—nár ḃ'ḟiu é do ṫaċtaḋ.

Anois, a léiġṫeoirí, is beag an sgéilín é seo, 7 b'ḟéidir go ndéarfaiḋ cuid agaiḃ naċ fiu é d'aiṫrir, aċt sílimse gur fiu. Naċ gcruṫuiġeann sé ḋúinn ċoṁ follusaċ is tá srón ar an éadan go ḃfuil croiḋe folláin ag muintir na tíre 'na ḋiaiḋ sin? Taisbeánann sé ḋúinn nuair ṁasluiġṫear teanga na hÉireann go mbíonn fear a cosanta le faġáil, fear ṡeasfas suas 7 ṫroidfeas ar a son.

Ṫáinig an Doṁnaċ. Ṫar éis an Aifrinn ċruinnuiġ na daoine i dteannta á ċéile i dtiġ na cúirte, 7 siúd is gur mór an teaċ é ní raiḃ sé leaṫ sáṫaċ mór le n-a gcongḃáil ar fad. Ḃí an Canóin MacAilpín 'sa' gcaṫaoir, 7 is ríoġṁaiṫ an caṫaoirleaċ rinne sé. Laḃair sé ar feaḋ leaṫ-uaire ag míniuġaḋ dóiḃ an obair ṁór atá Connraḋ na Gaeḋilge do ḋéanaṁ ar fuaid na hÉireann 7 an náire ba ċóir ḋúinn ḃeiṫ orainn má leigfimid ár dteanga uainn 7 an Béarla do ṫógáil suas 'na háit. "Tá súil agam,' ars' eisean, "gur Gaeḋilg ḃreaġ ṁilis ḃlasta laiḃeoras siḃ le n-a ċéile as so amaċ. Tá aon ċeann aṁáin do na rúnaiḃ atá le cur os ḃar gcoṁair indiu níos foilleaṁnaiġe liom ná aon ċeann eile," ars' eisean, "sé sin an rún ag iarraiḋ ar ċeannṗortaiḃ sgoile nuair atá maiġistirí ag teastáil uaṫa uaiḋ seo amaċ roġain do ṫaḃairt dóiḃ seo laḃras teanga na hÉireann. Ċoṁ fada is ḃeas mise 'mo ċeannṗort ar aon sgoil, ṡiuḃalfaiḋ mé Éire go léir sul má ġeoḃaiḋ mé aon ṁáiġistir aċt an té 'ḃfuil teanga na hÉireann aige.

Ṡuiḋ an Canóin síos, 7 ní bréag a ráḋ go raiḃ an cruinniuġaḋ ag greadaḋ bos go ceann cúig nóimíd. Faraoir gan céad againn mar an gCanóin ar fuaid cúige Connaċt! Dá mbeaḋ, b'ḟururta an ċúis do ċur ar a haġaiḋ. Ṫug na daoine ba ċeannsaiġe 'san mbaile oráideaċa breaġa uaṫa freisin 7 cuireaḋ Craoḃ de Ċonnraḋ na Gaeḋilge ar bun 'sa' gCloċán. Duḃairt gaċ uile ḋuine naċ ḃfacadar tionól ċoṁ mór, ċoṁ croiḋeaṁail i dteannta a ċéile roiṁe fós riaṁ,7 duḃraḋ liom mar an gcéadna go gcualaṫas an oiread Gaeḋilge tráṫnóna an lae sain, ṫar éis an ċruinniġṫe, is cualaṫas san mbaile le leiṫ-ḃliaḋain roiṁe sin.

Tá triúr 7 an gCloċán ċaiṫfeas mé a n-anmanna do ṫaḃairt, 'siad sain Pádraig Mac Aṁlaiḃ, Pádraig Ua Conruaiḋ 7 Seaġán Cnáifreaċ. Ṫugadar congnaṁ 7 caḃair ṁór ḋom, 7 is ar a nguailniḃ atá an obair ag tuitim anois.

(TUILLEAḊ.)

FILIḊEAĊT

"SIN FÉILE FEASTA."

I nAcadáiṁ Ríoġḋa na Ééireann, i leaḃar de na leaḃraiḃ seo an Longánaiġ is eaḋ do fuarṫas an dán so 'nár ndiaiḋ. Deir an Longána gurḃ' é Séamus O Muiṁneaċáin do ċeap an dán ar ḃás an Aṫar Doṁnall O Ríordáin. Ċuala go raiḃ file de'n tsloinneaḋ sain 'na ċoṁnuiḋe i mBaile Ṁúirne uair, aċt ní ḟuilim deiṁinṫeaċ i dtaoḃ a ainme.

Sin féile feasta is gaisge i ngáḃtar géar,

Bréiṫre blasda 's acṁuin árd i léiġeann,

Méinn gan ṁairg ċeangail cáil is caeṁeaċt,

I dtaom gan tapaiḋ ó caiṫeaḋ snáṫ do ḟaoġail.

Is géar an easba trasna Cláir Luirc é,

Créaċt ag leaṫaḋ 's fearṫainn ġnáṫ ar ċéad,

Créiḋm do lagaiḃ ċleaċtaḋ sásaṁ séad,

Ó traoċaḋ taca ġlacaḋ páirt na ḃfaon.

A ċaeṁ-leaċt taṫlaiġ, agat tá led' ṫaoḃ

Saor-ḟlaiṫ sagairt, peársa ċáiḋ de'n Cléir;

A Réx do ċeannuiġ a ánam láṁuiġ é,

Is déin a ṫaisgeaḋ i ḃFlaiṫeas árd na Naoṁ.

Ba séiṁ a stair i dteagasg árd na dtéacs

I mbréiṫriḃ cneasta blasda breáġṫa béil,

Ag saoraḋ sgata ar sgamail' sgáinte 'n tsaoġail

Do réir mar ċeaduiġ Peadar Pápa De.

Is easnaṁ mór tu i ḃfearann Fódla

I gcill faon fann,

Carn coṁairle i n-aċtaiḃ órḋa

'S díon ġaoṫ naṁad,

Teagasgṫóir ag seaċaint slóiġte

Ar gaċ sliġe ċlaon ċam

Mo leaṫan-leoġan an tAṫair Doṁnall

O Ríordaon ann.

****

GLUAIS.

Acṁuin, power.

Caeṁeaċt (pron. caoċt), gentleness.

Taom, a fit.

Tapa, activity.

Créaċt, a wound.

Gnáiṫ,continual.

Cpéiḋm, a sore.

Taca, a support.

Taṫlaċ,reproach.

Réx, rí

Láṁuig, accept.

Téacs,

text (Scriptures).

Sgámte, burst, rent(?)

Earnaṁ want.

Aċt, a law.

Seaċaint, guarding.

TAḊG.

****

Sagart — "Agus an fíor, a Ṫaiḋg Óig, gur ċruṫuiġ

Dia gaċ éinneaċṫ?"

Taḋg Óg — "Ní fíor go deiṁin, a Aṫair."

Sagart — "Cionnus é sin aċuid?"

Taḋg Óg — "Mar ċuala an Daid d'a innsint do'n

Ṁam aréir go ḃfuil Oide Gaeḋilge i mBaile Áṫa

Cliaṫ, 7 gurab ó'n Diaḃal do ṫainig."

LITIR.

Nuaḋ Eaḃrac, Lá Ḟéile Pádraic, 1899.

A Ċlaiḋiṁ Soluis,

Atá gáirdeaċas orm dod' ḟeicsint. Atá áṫas mór orm go ḃfuil paipéur eile againn cloḋḃuailte í d-teanga ársa na h-Éireann. Is maiṫ an cóṁarṫa é, óir foillsiġeann sé go soilléir go ḃfuil an Gaeḋilig beo fós agus go ḃfuil sí ag dul ar aġaiḋ go dána. Dearḃuiġeann sé mas an gceudna go ḃfuilid na daoine 'gá músgail agus gur maiṫ leo an oiread obair ṁaiṫ do rinneaḋ air feaḋ ama; deiṁniġeann sé go ḃfuil an solus fíor ag brosduġaḋ orra. Fáilte roṁat, a Ċlaiḋiṁ Soluis! Ceud míle fáilte go Stáidiḃ Aontuiġṫe! Is am fada é anois ó ḃí an splanc buailte ar dtús agus biḋeann bród orrainn 'nuair ḃfeicimid an teine ag scapaḋ tríd an tír. Go mbuḋ claiḋeaṁ soluis' dúinn ṫú ionnus go ngearrfamaoid casán leaṫan tré 'n dorċadas atá'nár dtimċiol. Cuirfiḋ gaċ Gaeḋilgeoir 'sa tír seo fáilte fialṁar flaiṫeaṁal os do ċóṁair. Go mbuḋ fada agus seunṁar do ḃeaṫa.

Sin guiḋe ag

"Tír-Eoġain."

PARRAISDE NA g-CEALL I g-CONDAE ḊÚIN NA nGALL.

Parraisde na g-Ceall is ainm do'n ṗarráisde seo a ḃ-fuilim mo ċoṁnuiḋe ann agus is é an fáṫ d'ar tugaḋ an t-ainm séo air mar ḃí móran cill (ceall) no teaċ pobal fad ó ṡoin, i m-baile ḃeag ann, a d-tugṫar na Cealla Ḃeaga air. Tá'n baile seo air ṫaoiḃ na fairrge agus taiṫníġeann sé go mór leis na h-ardranaiḃ a ṫig air ċuairt ann agus deirid gur fallain agus deas an áit é. Tá cuan maiṫ, mór againn, a tá dóṁain go leór aig long air biṫ agus tá fasgaḋ ann ó'n uile ġaoiṫ a ṡéideas. Tá ḋá ṫeaċ soluis taoḃ amuiġ de'n ċuan le eólas a ṫaḃairt do na longaiḃ a ṫeaċt isteaċ san oiḋċe. Is go cuan na g-Ceall m-Beag do ṫáinic na luingis Spáiniġe le airgead agus airm ċuig Aoḋ Ruaḋ Ui Dóṁnaill agus Aoḋ Ui Néill i n-aimsir na bain-ríoġna Isebeal. Níl aċt fá ṫuairim naoi g-céad daoineaḋ san m-baile aċt tá sé aig fás le tamall, giḋ go ḃ-fuil na daoine aig imṫeaċt as an tir ṫart fá d-taoiḃ de. Riġneaḋ teaċ pobail úr ann i n-aimsir an droċ-ṡaoġail a ċongḃóċaḋ trí ṁíle duine. Tá leac leaċda i d-taoiḃ an ḃalla ann agus deirid gur ós cionn Néill Ghairḃ MacSuiḃne ḃí sé. Tugaḋ an leaċda seo as séan reilig a tá b-Puinte Charaige 'n Rois (St. John's Point) agus deirtear naċ ḃ-fuil aon ċeann i n-Éirinn cosaṁail leis aċt leaċda aṁáin eile a tá anns an taoiḃ ṡoir de'n ċondae seo.

Chuir an t-Earbog Ua Dóṁnaill sgoil ṁór suas anns na Ceallaiḃ fa ṫuairim trí m-bliaḋan ó ṡoin, fa ċoinne céird do ṁunaḋ do ḋílaċtaiḃ agus do ḃoċdanaiḃ agus tá níos mó 'ná céad óganaċ de'n ċineal sin aca ann anois agus is feárr sin go mór aca 'ná ḃeiṫ aig dul ṫart ṫríd an tír aig iarraiḋ a g-coda agus aig fóġluim fallsaċda agus spadantuis agus b'ḟéidir níos measa. Mar a' g-céadna ċuidiġ sé gnó eile do ċur air bun a tá aig dul ann tosuiġ go breáġ againn, sé sin fíġeadóireaċd eudaċ-ualáir.

Bronnaḋ an ċeud eudaċ a fíġeaḋ air an Easbog maiṫ seo agus ḃí sé aige air Aonaċ Tíre Chonaill fa Shaṁain seo ċuaiḋ ṫart. B' ḟiú níos mó 'ná fiċe punt é.

Ní'l ceann air biṫ de na sean ċealltraċaiḃ le fáġail san áit seo anois nó fios cá raḃ siad, aċt ceann aṁáin atá air ṁullaċ carraige, taoḃ astiġ de ḃeul an ċuain. Tá tobar naoṁṫa aig bun na carraige a d-tugṫar tobar Chaitríne air agus tigeann an iomad daoineaḋ ann leis an turus do ṡiúḃal go n-airiġṫe lá Chaitríne, an cúigeaḋ lá air ḟiċid de ṁí na Saṁna.

Thug na Loċlannaiġe cuairt go minic air na Ceallaiḃ m-beaga fad ó ṡoin agus d'ḟág siad a lorg air án áit agus is minic a ċualas go dearn cuid díoḃ áit ċóṁnuiḋe ann.. Tá treiḃ daoineaḋ againn ann seo go fóil a ḃ-fuil Loċlannaċ orṫa mar ainm agus is dóiġċe liom gur as tír na Loċlann do ṫáinic siad d-toiseaċ.

Tá'n bóṫar iarainn aig teaċt ċoṁ fada leis na Ceallaiḃ anois agus is cóṁgaraċ an dóiġ siúḃail é le taoiḃ a ḃeiṫ air ċóisde. Bóṫar cuṁang díoḃ seo atá an ó'n t-Sraṫbán anuas agus ní ríṫeann an traen ċoṁ gasda orṫa leis na bóṫraiḃ leaṫana. Níl easḃuiġ sliaḃ nó cnoc nó carraig orrainn anns an áit seo mar tá siad againn go fairsing agus síleann na coigcríoċ a ṫig ċugainn áir cuairt gur meunra dúinn, aċt is é ár m-barraṁail féin go ḃ-feudfamáois cuid aca do ṁalairt gan bris nó díoġḃáil air ḃiṫ a ḋeanaḋ do'n tír.

NA MARGAIḊ.

Áirneis : ḃí laiġeaduġaḋ ar ḃuaiḃ ar ṁargaḋ Ḃaile Aṫa Cliaṫ an séaṁaḋ lá déag de'n ṁí seo. Ḃí an margaḋ an-ċiuin. Ní raiḃ an oiread sin de ċeannuiġ-ṫeoiriḃ ó Sacsain ann is ḃíoḋ, 7 an méid díoḃ do ṫaínig ní raiḃ aon ró-ḟonn orrá ċum ċeannaiġ. Agus ó ṫárla go ḃfuil an Carrġas ann níor ceannuiġeaḋ mórán beiṫiḋeaċ reaṁar le caiṫeaṁ 'san mbaile mór.

D'ḟág sain an margaḋ gan puinn ṁaiṫis déanta ann.

Dála na muc, ḃí roinnt ṁór díoḃ ar ṁargaḋ Ḃalle Aṫa Cliaṫ an lá sin, aċt ní raiḃ aon ġlaoaḋaċ orra. Ní raiḃ na ceannuiġṫeoirí láiṫreaċ ann, mar ḃí an dá dí roiṁe sin. Ṫuit an luaċ ḋá sgilling 'sa' ċéad i dtosaċ an ṁargaiḋ 7 d'ḟan sé annsain riṫ an lae. Rug mórán daoine muca méiṫe ċum margaiḋ ag tnúiṫ le luaċ árd aċt ċaiṫeadar sgaraṁain leo ar luaċ íseal. Tugtaoi idir ḋá ṗúnt is dá ġiní sa ċéad ar ṁuic ṁéiṫ a ḃeaḋ oireaṁnaċ ċum bagúin.

* * * *

Níl aon ró-ḟlúirse ime ar na margaiḋiḃ fós. Tá a luaċ go cuiṁeasaċ. Do-ġeiḃṫí ó 87s go dtí 103s 'sa' ċéad i gCorcaiġ riṫ na seaċtṁaine; 7 ṫáinig cuid ṁaiṫ de isteaċ go Sacsain ón nGearmáin 7 ó Loċlainn 7 díolaḋ ar 112s 'sa ċéad é.

* * * *

Níl aon tarrang siar Ar na huiḃiḃ ag teaċt ċum margaiḋ, aċt tá cuid díoḃ ná fuil ar foġnaṁ 7 tá sain ag cur a luaċ ar laiġeaduġaḋ beagán. Seaċt bpinginne no oċt bpinginne 'sa' dosaon a luaċ, 7 oċt bpinginne 's leaṫṗinginn dá mbeidís go maiṫ mór. Uiḃe laċan, sgilling 'sa' dosaon.

Tá coirce síl ag dul i ḃfeaḃas 'na luaċ le déiḋéan-aiġe. Tá oċt sgillinge nó oċt sgillinge 's raol 'sa' ċéad ar faġáil ar ċoirce ḋuḃ síl, 7 cúig sgillinge 's tuistiún nó sé sgillinge 'sá' ċéad ár ċoirce ḃuiḋe síl.

* * * *

Leaṫ-ċoróin no tri sgillinge 'sa' ċead is eaḋ atá' ar ṗotátaoiḃ i mBaile Áṫa Cliaṫ.

GREANN.

Ċóṁinuiġ an Gaḋaiġe Ḋuḃ i gcríoċaiḃ Corca Laiḋe sa taoḃ ṫeas de Ċonndae Ċorcaíġe. Fóġluiḋe Fairge dob eaḋ é. Fomóraiġ glaoḋtaoi ar a leiṫéidí seo sa treannraċt. Ḃí an dúṫaiġ an-oireaṁuíneaċ d'á ċúram mar ḃí an tír líonta de ġleanntaiḃ foiṫineaṁla 7 de ċuanta cluṫṁara ċum a ċuid foġlaċ mara do ṡoláṫar 7 a cur a ḃfolaċ. Ḃí buaċail aige de ṁúintir Súiḃne (ní ḟeadar cad é an sloinne gur daoiḃ é féin aċ ċóṁ beag leis an nGobán Saoir). D'ḟiafruiġ sé ḋé cad é an aimsir doḃ ḟeárr ċum gaiḋaíġeaċta. Ṫug sé an freagra so air:

Reaċtaire boḋar 7 madra balḃ

Tig na buaile air ḃruaċ an easa

Tosaċ na n-oiḋċe ḃeiṫ 'na gealaiḋ

Deireaḋ ṫiar a síor-ċuir sneaċtaiḋ.

Ḃí an oiḋċe ċeudna ana ġaoṫṁar ḟeargaċ ar an muir 7 duḃairt arís

Gaoṫ an ṫuaiḋ de ḃarraíḃ cnoc

A' buaint poc as beannaiḃ brat

Is iomḋa fear ar toínn anoċt

Go fíoċṁar dreaċt a tnúṫ le teaċt.

Ḃí gadaíġe eile i m-Ḃaile-Ṁúirne go glaoċtaoi. Gadaiġe Gobnait air 7 tráċtfar sa ċeud uiṁir eile de'n Claiḋeaṁ Soluis air.

Siúd é mo sgeulsa. Ma tá breug ann bíoḋ.

DONNĊAḊ UA LOÍNĠSIĠ,

Baile Ṁúirne.

OIDEAĊAS

SGÉAL NUAḊ.

Donċaḋ.—Dia 's Muire ḋuit, a Ṫaiḋg.

Taḋg.—Dia 's Muire ḋuit a's Pádraig, a Ḋonċaḋ.

D.— An ḃfuil aon sgéal nuaḋ agat ?

T.—'Ḋe leig dom féin, a ḋuine. Ní sgéal nuaḋ go dtí é.

D.—Cad é an sgéal nuaḋ é 'sdó?

T.—Tá sé anso am ḋorn agam.

D.—An pápér san?

T.—An pápér so, go díreaċ.

D.—Agus cad é an nuaḋaċt atá ann, nó cad é an t-ainim atá air?

T.—Féuċ, siné ansan an t-ainim. Léiġ féin é.

D.—Aċ! Ní ḟéadfainn é. Is dóċa gur Gaoluing atá ann. Níor ḟoġlumuíġeas riaṁ conus Ġaoluing do léiġeaḋ. Ḃí sgoil acu agus do cuaḋas ann cúpla oíḋċe. Cad é an t-ainim atá ar an bpápér san, a Ṫaiḋg?

T.—Tá "An Claiḋeaṁ Soluis."

D.—Ailiuú! "An Claiḋeaṁ Soluis!" Níor airíġeas a leiṫéid sin d' ainim riaṁ ar ṗápér. Tá aiṫne agam ar an g-Cork Examiner, agus ar an g-Cork Herald, agus ar an g-Constitution, agus tá aiṫne agam ar an ḃ-Freeman's Journal aċt níor airiġeas aon tráċt riaṁ ar an gClaiḋeaṁ Soluis. Ḃí pápér Gaoluinge ar an sgoil acu, aċt níor ḟéadas aon ḟocal Gaoluinge do Léiġeaḋ riaṁ ann.

T.—Náċ mór an iongna nár iarais ar aoinne a ṁúine ḋuit conus an ċaint do léiġeaḋ.

D.—Ḋ'iaras, leis, aċt is aṁlaiḋ a ḃídis ag magaḋ fúm nuair a ḋeininn dearṁad. 'Sé mo ṫuairim láidir gurab aṁlaiḋ ná raiḃ an t-eólus ró-ṁaiṫ acu féin.

T.—Gan aṁrab is gnáṫ guradb iad na daoíe is lúġa

eolus is túisge a ḋeinean magaḋ fé daoíne gan eolus. Aċt tá daoíne a ṁúinfaḋ ṫu gan aon ṁagaḋ do ḋéanaṁ fút pé déarṁad a ḋéanfá.

D.-Tá a ḟios agam go ṁaiṫ go ḃfuil, aċt cad é ṁaiṫ sin nuair ḃéaḋ luċt an ṁagaiḋ láiṫreaċ ag éisteaċt leat agus ná féadsfidís iad féin d'iompur aċt ag smidireaċt gáirí, go mbéaḋ fonn ort dorn fan ḃéil do ḃualaḋ orṫa.

T.–Gan aṁras ba ḋeacair Gaoluing d'ḟoġluim 'n-a n-aice. Aċt ná féadfá-sa do leaḃar do ḃeiṫ ad ṗóca agat, nó do ṗápér, agus ḃeiṫ ag fóġluim nuair ná béaḋ aon duine láiṫreaċ aċt an duine ḃéaḋ ad ṁúine.

D.-Ambasa aċt is fíor ḋuit é. Níor ċuiṁniġeaíṡ riaṁ ar an slíġ sin. An mar sin ḟóġlumuiġis-se, a Ṫaiḋg?

T.—Mar sin díreaċ. Ṫar a ḃfeacaís riaṁ. Ḃí aiṫne agam ar ḋuine a ḃí ábalta ar Ġaoluing do laḃairt go maiṫ agus do léiġeaḋ go maiṫ. D'aimsiġeas leaḃar Gaoluinge agus ṫéiḋinn ag trial air tráṫnóna Doṁnuig anois agus airís agus ṫarainginn amaċ mo leaḃar agus ċuirinn ḟiaċaiḃ air na focail do léiġeaḋ dom go breáġ réiḋ, agus mé ag faire air go géar. Nuair a ċiḋinn na focail agus mé ag éisteaċt leis an gċaint ní ḟeacaís riaṁ aċt a luaṫaċt a ṡleaṁnuig an t-eélus ċugam. Ní'l se ċóṁ deacair i n-aon ċor 7

ċeapan daoíne é ḃeiṫ.

D.-—An fada ḃís ag fóġluim sul a raḃais áḃalta ar ṗápér Ġaoluinge do léiġeaḋ, a Ṫaiḋg?

T.—Fan go fóil anois. Go deiṁin ní ḟeadar sul a ndéanfainn bréag ciacu cúig uaire nó sé n-uaire do ċuaḋas ag trial ar an t-é a ḃí am ṁúine, nuair a ḃíos áḃalta ar na focail ḃeaga do léiġeaḋ maiṫ go leór. Is cuiṁin liom go maiṫ gur aiṫníos “agus” an ċéad uair a ċonac é. Nuair a ḃí cúig nó sé de ṫurasaiḃ eile taḃarṫa agam ḃí na focail móra agam. Ar san amaċ do ḃíos ag bailiúġaḋ liom, ag oibriúġaḋ as mo ġurtal féin.

D.—Fágaim le h-uaḋaċt, a Ṫaiḋg, gur dóiċ liom go ndéanfad aiṫris ort. Is dall an ċuma do ḋuine ḃeiṫ ag féuċaint ar ṗápér de'n traġas san agus an ċaint ansan os cóṁair a ṡúl agus gan ann í léiġeaḋ ná í laḃairt. Agus is doċa gurab í an ċaint ċéadna í a ḃíon againn féin dá laḃairt.

T.-Ar maiṫ leat an ċaint ċéadna so, atá caite againne le ċéile indiu, d'aireaċtaint dá léiġeaḋ amaċ ar an bpápér so an t-seaċtṁain se ċugainn?

D.-Éist do ḃéul! Cé ċuirfaḋ mo ċaint-se i n-aon pápér! An sórd draḃuíol cainte atá agamsa níl sí oireaṁnaċ do ṗápér.

T.-Ḃí anso seaċtṁain ó'ndiu agus bain an cluas díom muna léiġead-sa amaċ as an bpápér so ḋuit an uile ḟocal cainte ḋ'á ḃfuil raiḋte anso indiu agat!

D.—Dar fiaḋ, a Ṫaiḋg, má ḋeinean tú san ní'l teóra leat!