CUAIRT ṀÍOSA I gCONNAMARA.
Ag Tomás Mac Coinceannainn.
Nuair toġaḋ mé mar ṫimṫire Connarṫa na Gaeḋilge i gCúige Connaċt, ḃí 'ḟios agam in mo ċroiḋe istiġ naċ raiḃ mé i n-ann' an obair do ḋéanaṁ mar ba ċóir,—nár ḃ' mé an fear ceart 'san áit ċirt. Aċt ċuadar orm ċoṁ mór sain ag iarraiḋ orm an obair do ṫógáil suas nár ṁaiṫ liom iad d'eiṫeaċaḋ. Ṫug mé toil í do ḋéanaṁ leabaiḋ dul trasna go Meicsicó 7 d'ár ndóiġ, dá ḋonaċt mé, déanfaiḋ mé mo ḋíċeall, 7 deir an sean-ḟocal linn gur leor do ḋuine ḋona a ḋíċeall do ḋéanaṁ.
Dá n-imṫeoċainn go dtí an t-Oiléan Úr, mar ḃí rún agam, b'ḟéidir go gceappáiḋe go mbeinn ag iompóḋ mo ċúil ar an obair móir seo,-go deiṁin ċeap mé féin é, caiṫfiḋ mé a adṁáil. Naċ mbeinn go díreaċ glan ar nós an tsaiġdiúra ḃéarfaḋ a ċúl ar an naṁaid i lár na troda? Ar an n-áḋḃar sain – ċoṁ maiṫ leis an réasún ṫuas – tug me toil i n-ainm Dé 7 Ṁuire cion fir do ḋéanaṁ ar son mo tíre, mar táim cinnte dearḃṫa gurab í cúis na teangaḋ—an obair atá Connraḋ na Gaeḋilge do déanam – gurab í an obair is tír-ġráḋaiġe ċuir fear ná bean rómpa riaṁ i n-aon tír ná ceard do'n doṁan, ná ċuirfear ċoṁ fada is ḃeas uisge ag riṫ 7 féar ag fás. Ḃí cúis na teangaḋ 'na príoṁ-ċúis ins gaċ tír riaṁ, 7 d'ár ndóiġ, ní hiongantas ar biṫ é sin, mar 'sé Dia ġeall teanga do gaċ uile náisiún, 7 ó nádúir is ins an teangaiḋ sin atá molaḋ 7 glóir, clú 7 cáil na tíre sgrioḃṫa.
Aċt caidé seo atá mé do déanam? Ḃí fúm cur-síos do ṫaḃairt do'n "Claiḋeaṁ Soluis," ar an gcaoi fuair mé Connamara 7 an obair do rinne mé ann, 7 naċ fearr ḋom tornuġaḋ orm 7 gan leigean dom féin imṫeaċt fá sgur níos faide?
An reaċtṁaḋ lá d'Eanair d'ḟág mé inis-Ṁeaḋoin Árann an t-oileáinín beag sain 'na rugaḋ 7 tógaḋ mé 7 an áit le congnaṁ Dé ċuirfear mé nuair ġlaoḋfas an Slánuiġṫeoir orm go sliġiḋ na fírinne. Ċraiṫ mé láṁ 7 d'ḟág mé beannaċt ag muintir an oileáin go léir. Ċuireadar impiḋe na naoṁ ins na flaiṫeas 'mo ḋiaiḋ buaiḋ 7 treise, saoġal 7 sláinte, neart 7 misneaċ do ṫaḃairt dom leis an obair ṁóir seo do ḃí roṁam do ċur ar a aġaiḋ.
Síos liom go Gailliṁ ins an ngaltán. Ba Dia Saṫairn do ḃí ann 7 seaċtṁain ó'n lá sain ḃí cruinniu – ġaḋ mór le ḃeiṫ i n-uaċtar Árd le craoiḃ do Ċumann na nGaeḋeal n-Aontuiġṫe do ċur ar bun ann. Ḃí ormsa dul annsain 7 iarraċt do ṫaḃairt ar rún ag baint leis an nGaeḋilg do ċur os coṁair an ċruinniġṫe, 7 dá ḃféadfainn é craoḃ do Ċonnraḋ na Gaeḋilge do ċur ar bun 'san am céadna. Cuireaḋ na rúin os coṁair an cruinniġṫe ṁóir ṁilltiġ 7 do laḃair an feisire Taḋg Ua hArtagáin 'na dtaoḃ. Ḃí goirm ṁór roiṁ gaċ uile rud beag naċ, aduḃairt na cainteoirí i dtaoḃ cúire na talṁan, aċt nuair aduḃairt an t-Artagánaċ go raiḃ rud éigin eile nár ċóir dóiḃ a leigean as a gcuiṁniuġaḋ, rud go maḋ ċóir do gaċ Éireannaċ cion 7 meas 7 gráḋ do ḃeiṫ aige air, gurḃ í sin TEANGA NA h-ÉIREANN ċuireadar uaill ċoṁ mór ċoṁ láidir asta gur beag naċ gcloisfeá i mbaile mór na Gailliṁe í, ag taisbeant do'n doṁan naċ ḃfuil grád do'n teangaiḋ básuiġṫe fós i gcroiḋe na n-Éireannaċ.
Fuair mé muintir Uaċtair Áird toilteannaċ ar ċraoiḃ do ċur ar bun 'na measg, aċt faraoir! Ní raiḃ aon duine le faġáil ann ábalta ar an nGaeḋilg do ṁúineaḋ, aċt le congnaṁ Dé, ní ḃéiḋ sé i ḃfad mar sain. Tá an t-oide sgoile Uilliam Ua Doṁnalláin ag déanaṁ staidéir uirṫi 7 tá súil aige taisbeánaḋ d'ḟaġáil le n-a múineaḋ ins an sgoil fá'n Luġnasaḋ so ċugainn.
Siar liom ar an traen go Baile-na-hInse le rún dul as sain ar ċárr go Cloiċ na Rón. Ní raiḃ aon deis le faġáil ann 7 ḃuail mé siar ar an traen go dtí an Cloċán. D' ḟan mé ann an oiḋċe sin 7 lá ar n-a ḃáraċ fuair mé cárr is ċuaiḋ mé ag triall ar Ċloiċ na Rón. Ag siuḃal an bóṫair dom ar an gcarr casaḋ páistí ḋom, mór 7 beag, páistí fir 7 mná, ag dul ċum na sgoile. Ḃí an ṁaidin an-ḟuar 7 d'ár ndóiġ ḃí na créatúra boċta dallruiġṫe leis an ḃfuaċt. Ṫug mé orduġaḋ do'n tiománaiḋe an cárr do stopaḋ 7 marcuiġeaċt do ṫaḃairt do na páistiḃ. Beirt ċailíní mbeag ḃí ar mo ṫaoḃ féin do'n ċárr, mar — caiṫfiḋ mé an ḟirinne do ráḋ – ba ṁaiṫ liom ḃeiṫ i n-aice na mban riaṁ.
Ṫornuiġ mé dá gceistniuġaḋ, 7 m'anam do Ḋia 7 do Muire, d'ḟreagradar ḋom 'san teangaiḋ nGallda! “Maireaḋ,” adeirimse leo, “ṡíl mé gur Éireannaiġ ḃí mé ag dul i muġa – Sasanaiġ siḃ. Ní ṫug mé aon ṁarcuiġeaċt d'aon tSasanaċ riaṁ 7 ní ṫiuḃrad anois. Anuas liḃ do'n ċárr, má's é ḃar dtoil é!" Le linn é seo do ráḋ duḃairt mé leis an tiománaiḋe stopaḋ, aċt, a ṁic ó go deo! ṫornuiġ mo ċuid cailíní ag caint i nGaeḋilg ḃinn ḃlasṫa a ċuirfeaḋ luṫġáir 7 áilleaċt ar do ċroiḋe ! B'ḟearr leo marcuiġeaċt 7 Gaeḋilg do laḃairt ná-béarla 7 siuḃal d'á gcoir. B' ḟottus go raiḃ náire orṫa fá n-a dteangaiḋ do laḃairt, aċt 'na ḋiaiḋ sin féin ċuimniġeadar ar an sean-ḟocal "Is fearr marcuiġeaċt ar ġaḃar na coisiḋeaċt d'á ḟeaḃas.”
Creidim naċ ḃfuil cúram dom a ráḋ go dtug mé coṁairle ar na gearr-ċailíníḃ símpliḋe seo, 7 sul má sgar mé leo, an náire sin do ḃí orṫa i dtaoḃ a dteangaḋ, ḃain mé asta é.
Ar teaċt dom go dtí Teaċ Sgoile an Ċalaiḋ, d'ár ndóiġ ċuaiḋ mé isteaċ gur beannuiġ me do’n nGaeḋilgcoir ċliste sin Doṁnall Ua Foṫarta. Tá 'ḟios ag gaċ uile ḋuine ḃaineas le cúis na Gaeḋilge caidé é Doṁnall, 7 ní déarfaiḋ mé níos mó 'na ṫaoḃ aċt gur Éireannać mór millteaċ atá ann, a ḃfuil croιḋe ċoṁ mór ċoṁ fial ċoṁ fairsing aige is tá sé féin, 7 go ḃfuil gráḋ d'Éirinn 7 gáċ uile ṡórt ḃaineas le hÉirinn 'na ċroiḋe.
I mBaile Cloiċe na Rón, ní ċuala mórán Gaeḋilge d'á laḃairt ag muintir an ḃaile, aċt aṁáin ag muintir na tíre. Ċuaiḋ mé i measg na ndaoine – na ceannuiġṫeoirí siopa – 7 fuaras amaċ go raiḃ gaċ uile ḋuine aca i n-ann' an teanga do laḃairt go maiṫ 7 go cliste aċt naċ raḃadar ḋá ḋéanaṁ do ċleaċtaḋ. 'Sé mo ṁeas naċ ḃfuil an oiread 7 aon duine aṁáin ‘sa mbaile naċ ḃfuil ábalta ar an teangaiḋ do laḃairt, aċt beagán do'n aos óg.
Fuair mé an t-Aṫair Uilliam Ua Glaisín, an sagart pobail, go han-toilteannaċ ar ċúis na Gaeḋilge do ċur ar a aġaiḋ, 7 ċuidiġ sé liom go mór ins gaċ uile ḃealaċ d'á raiḃ ar a ċumas. Toġa fir atá 'san Aṫair Uilliam, Gaeḋilgeoir deas, ceaċtóir breaġ 7 Éireannaċ ċoṁ maiṫ is téiḋeas ar ḃonn bróige riaṁ é.
Baineann Inis Naoi (?) 7 Inis Leacan (oileáin beaga atá ionnta) leis an bparráiste seo. Ṫug mé cuairt fá dó nó trí ar gaċ oileán aca. Ṡiuḃail mé ó ṫeaċ go ṫeaċ 'gá mbrostuġaḋ 7 caiṫfiḋ mé a ráḋ gur ḃeag an brostuġaḋ do ṫeastuiġ uaṫa.
(Tuilleaḋ.)