SAṀAIN: 1902
AN NAOṀ AR IARRAIḊ [le Dubhghlas de hÍde]
DRAMA AON-ĠNÍṀ.
leis an gcraoiḃin aoiḃinn.
AN ḞUIRREANN:—
SEAN-ḞEAR.
OIDE.
CONAL.
FEARĠAILL.
FEARGUS.
ART.
AOḊ.
PÁISTIḊE, 7C.
Seomra mór mar do ḃíoḋ ins na sean-aimsiriḃ. Bord fada ann. Tá sgata páistiḋe ann, cuid aca ag iṫe a mbéile agus cuid aca 'na seasaṁ tar éis a iṫte. Tá oide ag cromaḋ ar leaḃar i gcornéall eile de'n tseomra.
ART [ag seasaṁ suas] tar amaċ a Ḟéiḋlim go ḃfeicfimid an uc nuaḋ.
FEIḊLIM. Ní ḟéadamaoid. Duḃairt an máiġistir linn gan dul amaċ go ndéarfamaois an dán sin dó, an dán do ṁúin sé ḋúinn indé.
FEARĠAILL. Maiseaḋ, gráin go deo ar an sean dán céadna, aċt níl eagla orm-sa: raċaiḋ mise amaċ ar ċuma ar biṫ. Tá sé de ṁeaḃar agam-sa — aċt ní ṁeasaim go ḃfuiġfiḋ tusa amaċ a Ċonaill. O! sin é an máiġistir agus é réiḋ le tosuġaḋ.
AN tOIDE [ag tógḃáil a ċinn] Anois a ċlann O, ḃfuil an béile críoċnuiġṫe agaiḃ?
PÁISTE. Ní'l go fóil.
[Tig sean-ḟear liaṫ droċ-ġleusta go dtí an dorus]
ART. O sin sean-Ċormaicín a ḃíos ag meilt na mine ḋúinn, agus ag
taḃairt aire do'n áiṫċe.
AN SEAN-ḞEAR. Go mbeannuiġiḋ Dia ann so! A ṁáiġistir, an dtiuḃraiḋ tu cead dam an sprúilleaċ biḋ sin do ċruinniuġaḋ agus do ṫaḃairt amaċ liom.
AN tOIDE. Déan sin [leis na páistiḃ] tigiḋe ann so anois, go ḃfeiciḋ mé ḃfuil an dán sin i gceart agaiḃ, agus leigfiḋ mé ḋaoiḃ dul amaċ nuair ḃéiḋ sé ráiḋte agaiḃ.
FEARGUS. Támaoid teaċt, aċt fan móimid go n-innseóċaiḋ sean-Ċormaicín dúinn cad tá sé dul a ḋéanaṁ leis an sprúilleaċ biḋ sin.
AN SEAN-ḞEAR. Tá mé d'á ċruinnuġaḋ le taḃairt do na h-éanaċaiḃ a ṁuirnín.
AN t-ODE. Déanfaiḋ sin anois. Gaḃ a leiṫ ann so. [Seasann na páistiḋe os a ċoinne in a líne]
AN t-OIDE. Anois innseóċaiḋ mé ḋaoiḃ cia rinne an dán atá siḃ dul a ráḋ liom. Ḃí fear cráḃṫeaċ naoṁṫa i n-Éirinn bliaḋanta ó ṡoin. Aonġus Céile Dé an t-ainm do ḃí air. Ní raiḃ aon duine i n-Érinn buḋ ṁó úṁlaċt 'ná é. Níor ṁaiṫ leis, na daoine do ḃeiṫ ag taḃairt onóra ḋó, ná do ḃeiṫ ag ráḋ go mbuḋ ṁór an naoṁ é, no go mbuḋ ḃreáġ an file é. Ar an áḋḃar sin, ḃí sé ċoṁ h-úṁall sin, gur éalaiġ sé leis, aon oiḋċe aṁáin. Ċuir sé culaiḋ bréige air féin, agus d'imṫig sé 'na ḋuine boċt ar fud na tíre ag saoṫruġaḋ a ḃeaṫa féin gan eólas ag duine ar biṫ air. Tá sé imṫiġṫe as eólas anois, gan ḟios ag duine ar ḃiṫ cá ḃfuil sé. B'éidir gur ag beaṫuġaḋ muc no gur ag meilt mine atá sé anois, már aon duine boċt eile.
FEARĠAILL. Ag meilt mine mar sean-Ċormaicín ann so.
AN t-OIDE. Go díreaċ. Aċt sul ar imṫiġ sé leis, is ioṁḋa dán breáġ milis do rinne sé ag molaḋ Dé agus na n-aingeal, agus is ceann aca sin do ḃí mé d'a ṁúnaḋ ḋaoiḃ indé.
ART. Cad é an t-ainm a duḃairt tu, do ḃí air.
AN t-OIDE. Aonġus Céile Dé. Ṫug riad "Céile Dé" air, mar ḃí sé ċoṁ naoṁṫa sin. Anois a Ḟéiḋlim abair an dá líne ṫosaiġ, ṫusa, agus déarfaiḋ Art an dá líne leanas, agus déarfaiḋ Conall an dá líne na ḋiaiġ sin, agus mar sin go dtí an deireaḋ.
FEIḊLIM.
Ṡuas, i ḃflaiṫeas Dé, atá
Árd-aingeal ag gaċ aon-lá
ART.
Agus is iad sin go cruinn
A stiúraiġeas an tseaċtṁain.
AOḊ.
An ċéad-lá, is naoṁṫa é,
Ag Dia atá Dia Dóṁnaiġ.
FEARRĠAILL.
Faireann Gabriel go buan
h-uile ṡeaċtṁain an Dia-luain.
CONAL.
Faireann Gabriel go buan —
AN t-OIDE. Ní h-eaḋ, a Ċonail, duḃairt Fearġaill sin.
CONAL
Ag Dia tá Dia Dóṁnaiġ.
AN t-OIDE. Ní h-eaḋ, duḃraḋ sin ċeana. Ag Dia Máirt atá maoid anois. Cia ag a ḃfuil Dia Máirt? [ní ḟreagrann an buaċaillín] Cia aige a ḃfuil Dia Máirt? Ná bí d'amadán anois.
CONAL[ag cuir ailt a ṁéir ċum a ṡúile] níl ḟios agam.
AN t-OIDE. O mo náire ṫu! Féaċ anois, gaḃ i n-áit a raiḃ Fearġaill agus raċaiḋ seisean i d'áit-se. Nois a Ḟearġaill!
FEARĠAILL
Is fíor é go ḃfuil Dia Mairt
Ag Miċeál in a lán-neart.
AN t-OIDE. 'Seaḋ, 'nois a Ċonail, abair cia ag a ḃfuil Dia Luain.
CONAL [ag gol] Ní ḟeadar
AN t-OIDE. Abair an dá líne ṫosaiġ, mar sin, agus béiḋ mé sásta. Cia ag a ḃfuil Dia Dóṁnaiġ.
CONAL [ag gol] ní'l ḟios agam.
AN t-OIDE. O naċ tú an t-amadáinín! Ní ċuirfiḋ mé dadaiḋ in do ċeann a ċoiḋċe. Ní leigfiḋ mé amaċ ṫú go mbéiḋ an dán sin agad. A ḃuaċailliḋe, sgrios amaċ liḃ anois agus fágfamaoid Conal Amadán ann so.
[imṫiġeann an t-oide agus na páistiḋe eile amaċ]
AN SEAN-ḞEAR. Ná bí ag gol a ṁuirnín, múinfiḋ mise an dán duit. Tá sé de ṁeaṁar agam féin.
CONAL. Óra, a Ċormaicín ní ṫig liom a ḟóġluim. Ní mé críona ná glic mar na buaċaillíḋe eile. Ní ḟéadaim aon rud ċur asteaċ in mo ċeann [sgairteann sé ar ċaoineaḋ] ni ḃíonn aon ċuiṁne agam ar aon rud.
AN SEAN-ḞEAR [ag leagan a láiṁe ar a ċeann]. Glac meisneaċ a stóir. Béiḋ tú d' ḟear críona go fóil le congnaṁ Dé. Gaḃ leiṫ ann so agus cuidiġ liom ag roinnt na sprúille seó. [Eiriġeann an buaċaillín]. Sin é anois, triomuiġ do ṡúil agus ná bíoḋ aon droċ-ṁeisneaċ ort.
CONAL [ag triomuġaḋ a ṡúl]. Cad ċuige ḃfuil tú ag déanaṁ tri ċuid de'n sprúlleaċ so.
AN SEAN-ḞEAR. Tá mé dul an ċuid seo do ṫaḃairt do na géanaiḃ, ċuir mé an gabáiste uile ar an ṁéis seo ḋóiḃ, agus nuair raċas mé amaċ craiṫfiḋ mé gráinín mine air sin, agus beaṫóċaiḋ sé go breáġ iad. Tá sprúilleaċ na feóla agam ann so, agus sean sgreamóga, agus arán briste tríd, agus ḃéarfaiḋ mé sin do na cearċaiḃ: béarfaiḋ siad uiḃeaċa níos fearr nuair geoḃaiḋ siad biaḋ mar sin. Tá an sprúilleaċ ḃeag so agam le taḃairt do na h-éiníniḃ beaga ḃíos ag seinm dam ar maidin, agus ḋúisiġeas mé le n-a gcuid ceóil. Tá sé brúiġte mion agam dóiḃ. [Sguabann sé an t-urlár agus cruinniġeann sé mion-ġiotaiḋ aráin.]
Tá gráḋ mór agam do na h-éiníniḃ beaga.
[Féaċann an sean-ḟear suas, agus ċiḋ sé go ḃfuil an buaċaillín 'na luiḋe ar ċuisin agus é 'na ċodlaḋ, agus ag osnaoil in a ċodlaḋ.
Seasann sé tamaillín ag féaċaint anuas air. Tagann deóra in a ṡúiliḃ féin. Ann sin téiḋeann sé ar a ḋá ġlúin.]
AN SEAN-ḞEAR. O, a Ṫiġearna a Ḋé, glac truaiġe do'n ṗáistín bog óg so. Cuir críonaċt in a ċeann, glan a ċroiḋe, sgap an ceó atá ar a inntinn, agus leig dó a ċeaċt d'ḟóġluim mar na buaċailliḋe eile. O, a Ṫiġearna, do ḃí tú féin óg, tráṫ, glac truaiġe do'n óige. O, a Ṫiġearna, do ṡil tú féin na deóra, triomuiġ deóra an ḃuaċaillin seo. Éist, a Ṫiġearna, le guiḋe do ṡearḃḟóġanta, agus ná tóg air an niḋ beag so d'iarraiḋ ort. O, a Ṫiġearna, is goirt deóra an leinḃ, millriġ iad, is doiṁin smuaínte an leinḃ, ciúnaiġ iad, is searḃ brón an leinḃ, bain dé é, is bog croiḋe an leinḃ, O nácruaḋaiġ é.
[Nuair atá an sean-ḟear ag guiḋe, tagann an t-oide asteaċ. Dearcann sé air. Sméideann sé ar na páistiḃ atá taoḃ amuiġ, tagann siad asteaċ, cruinniġeann siad in a ṫimċioll. Tógann an sean-ḟear a ċeann. Preabann sé 'na ṡuiḋe agus lasaḋ náire air.]
AN t-OIDE. Ċualaiḋ mé do ġuiḋe, a ṡean-duine, aċt ní'l aon ṁaiṫ ann. Molaim go mór ṫú faoi, aċt tá an leanḃ sin go ro ṁall ag fóġluim. Rinne mé féin aṫċuinge ar Ḋia uair no dó, d'á ṫaoiḃ, aċt ní raiḃ aon ṁaiṫ ann.
AN SEAN-ḞEAR. B'éidir gur ċualaiḋ Dia mé— tá Dia réiḋ le h-éisteaċt i gcóṁnuiḋe. An uair a mbíonn sinn féin folaṁ gan aon niḋ, éisteann Dia linn, agus ní ċuiṁniġmid ar na neiṫiḃ do ċailleamar, aċt cuirimid ar ndóċas in Dia.
AN t-OIDE. Is fíor a n-abrann tú, aċt níl aon ṁaiṫ i n-aṫċuinge an uair so. Tá an gasún so ro ḋo-ṁúinte. [Téiḋeann sé féin agus an sean-ḟear go dtí an buaċaillín atá fós 'na ċodlaḋ agus lorg na ndeór ar a ġruaiḋ.] Caiṫfiḋ sé oibriuġaḋ go cruaiḋ agus go an-ċruaiḋ, agus b'éidir le neart oibre go ḃféadfaiḋ sé beagán ḟóġluim am éigin. [Cuireann sé a láṁ ar ġualainn an ḃuaċaillín agus preabann sé 'na dúiseaċt agus ongantas air nuair ċiḋ sé na daoine eile 'na ṫimċioll].
AN SEAN-ḞEAR. Fiafruiġ ḋé anois.
AN t-OIDE. An gcuiṁniġeann tú ar an dán anois, a Ċonail?
CONAL.
Ṡuas i ḃflaṫeas Dé atá
Árd aingeal ag gaċ aon-lá.
Agus is iad sin go cruinn
A stiuraiġeas an tseaċtṁain.
An ċéad-láis naoṁṫa é,
Ag Dia atá Dia Dóṁnaiġ.
Faireann Gabriel go buan
h-Uile ṡeaċtṁáin an Dia-Luain.
Agus fós atá Dia Máirt
Ag Miċeál in a lán-neart.
Rafael go cóir ceart caoin,
Is aige tá Dia Céadaoin.
Ag Saciel naċcam claon
Gaċ seaċtṁain tá an Diardaoin.
Naniel Ard aingeal Dé,
Is aige tá Dia h-Aoine.
Cassiel geal na súl ngorm
Stiuraiġeann sé Dia Sáṫoirn.
AN t-OIDE. Is mílorḃúil é! Níor ṫeip focal air. Aċt innis dam, a Ċonail a stóir, cia an ċaoi an ḟóġluim tú an dán sin ó ṡoin?
CONAL. Nuair bí mé mo ċodlaḋ anois, ṫáinig sean-duine ċugam, agus dar liom-sa do ḃí gaċ daṫ d'á ḃfuil san mbóġa-uisge air, agus rug sé ar mo léine agus stróc sé é, agus ann sin d'ḟosgail sé mo ḃpollaċ agus ċuir sé an dán asteaċ in mo ċroiḋe.
AN SEAN-ḞEAR. Is Dia do ṫug an ḃrionglóid sin dó. Ní dóiġ liom go mbéiḋ sé 'na ḃuaċaill do-ṁúinte as so amaċ.
CONAL. Agus an fear do ṫáinig ċugam ṡaoil mé go mbuḋ ṡean-Ċormaicín ann sin do ḃí ann.
FEARĠAILL. Ḃ'éidir go mbuḋ Aonġus céile Dé féin do ḃí ann!
AOḊ. Ḃ'éidir gur Aonġus Cormaicín!
AN t-OIDE. An tú Aonġus Céile Dé? Cuirim ort as uċt Dé a innsint dam.
AN SEAN-ḞEAR [ag cromaḋ a ċinn]. O! fuair siḃ amaċ anois é. O! ṡaoil mé naċ mbeiṫ aiṫne ag duine ar ḃiṫ go bráṫ orm. Mo leun! fuair siḃ amaċ mé.
An t-OIDE [ag dul ar a ḋá ġlúin]. A Aonġuis Naoṁṫa, maiṫ ḋam é. Taḃair ḋam do ḃeannaċt, a ḋuine naoiṁ. Taḃair do ḃeannaċt do na páistiḃ seo. [Téiḋid na páistiḋe ar a nglúnaiḃ 'na ṫimċioll.]
AN SEAN-ḞEAR [ag tógḃáil a láiṁe]. Beannaċt Dé orraiḃ. Beannaċt Críosta agus a naoṁ-ṁáṫar orraiḃ. Mo ḃeannaċt féin orraiḃ.
CRÍOĊ.