SAṀAIN: 1901
CASAḊ AN tSÚGÁIN.
DRAMA AON-ĠNÍṀ [le Dubhghlas de hÍde].
NA DAOINE:—
TOMÁS O n-ANNRAĊÁIN, file Connaċtaċ atá ar seaċrán
MÁIRE NÍ RILOGÁIN, bean an tiġe.
ÚNA, inġean Máire.
SÉAMUS O h-IARRAINN, atá luaiḋte le Úna.
SÍĠLE, cóṁarsa do Máire.
PÍOBAIRE, cóṁarsanna agus daoine eile.
Áit —
Teaċ feilméir i gCúige Múṁan céad bliaḋan ó ṡoin. Tá fir agus mná ag dul tríd a ċéile in san tiġ, no 'na seasaṁ cois na mballa, aṁail agus dá mbeiṫ daṁsa críoċnuiġṫe aca. Tá Tomás O h-Annraċáin ag caint le Úna i ḃfíor-ṫosaċ na stáide. Tá an píobaire ag fásgaḋ a ṗíobaiḋ air, le tosuġaḋ ar ṡeinm arís, aċt do ḃeir Séamas O h-Iarainn deoċ ċuige, agus stadann sé. Tagann fear óg go h-Úna le n-a taḃairt amaċ ar an urlár ċum daṁsa, aċt diúltann sí ḋó.
ÚNA. Ná ḃi m'ḃoḋruġaḋ anois. Naċ ḃfeiceann tú go ḃfuil mé ag éisteaċt le n-a ḃfuil seisean d'a ráḋ liom. [leis an h-Annraċánaċ]: Lean leat, cad é sin do ḃí tú 'ráḋ ar ball?
TOMÁS O n-ANNRAĊÁIN. Cad é do ḃí an bodaċ sin d'á iarraiḋ ort?
ÚNA. Ag iarraiḋ daṁsa orm, do ḃí sé, aċt ní ṫiúḃrainn dó é.
MAC UI h-ANN. Is cinnte naċ dtiuḃrá. Is dóiġ, ní ṁeasann tú go leigfinn-se do ḋuine ar biṫ daṁsa leat, ċoṁ ḟad agus tá mise ann so. A! a Úna, ní raiḃ sólás ná sócaṁail agam le fada go dtáinig mé ann so noċt agus go ḃfacaiḋ mé ṫusa!
ÚNA. Cad é an sólás duit mise?
MAC UI h-ANN. Nuair a ḃfuil maide leaṫ-ḋóiġte in san teine, naċ ḃfáġann sé sólás nuair dóirtear uisge air?
ÚNA. Is dóiġ, ní'l tusa leaṫ-ḋóiġte.
MAC UI n-ANN. — Tá mé, agus tá trí ceaṫraṁna de mo ċroiḋe, dóiġte agus loisgṫe agus caiṫte, ag troid leis an saoġal, agus an saoġal ag troid liom-sa.
ÚNA. Ní ḟéaċann tú ċoṁ dona sin!
MAC UI h-ANN. Uċ! a Úna Ní Ríogáin, níl aon eólas agad-sa ar ḃeaṫa an ḃáird ḃoiċt, atá gan teaċ gan téagar gan tíoġḃas, aċt é ag imṫeaċt agus ag síor-imṫeaċt le fán ar fud an tsaoġail ṁóir, gan duine ar biṫ leis aċt é féin. Níl maidin in san tseaċtṁain nuair éiriġim suas naċ n-abraim liom féin go mb'ḟeárr ḋam an uaiġ 'ná an seaċrán. Níl aon rud ag seasaṁ ḋ'am aċt an bronntanus do fuair mé ó Ḋia — mo ċuid aḃrán. Nuair ṫosaiġim orra sin, imṫiġeann mo ḃrón agus mo ḃuaiḋreaḋ ḋíom, agus ní ċuiṁniġim níos mó ar mo ġéar-ċráḋ agus ar mo ṁí-áḋ. Agus anois, ó ċonnaic mé ṫusa, a Úna, ċim go ḃfuil rud eile ann, níos binne 'ná na h-aḃráin féin!
ÚNA. Is iongantaċ an bronntanus ó Ḋia an ḃárduiġeaċt. Coṁ fada agus tá sin agad naċ ḃfuil tú níos saiḋḃre na luċt stuic agus stóir, luċt bó agus eallaiġ.
MAC UI h-AAN. A! a Úna, is mór an ḃeannaċt aċt is mór an ṁallaċt, leis, do ḋuine é do ḃeiṫ 'na ḃ'árd. Feuċ mise ! ḃfuil caraid agam ar an saoġal so? Ḃfuil fear beó ar ṁaiṫ leis mé? Ḃfuil gráḋ ag duine ar biṫ orm? Bím ag imṫeaċt, mo ċaḋan boċt aonránaċ, ar fud an tsaoġail, mar Oisín andiaiġ na Féinne. Bíonn fuaṫ ag h-uile ḋuine orm, níl fuaṫ agad-sa orm, a Úna?
ÚNA. Ná h-abair rud mar sin, ní féidir go ḃfuil fuaṫ ag duine ar biṫ ort-sa.
MAC UI h-ANN.— Tar liom agus suiḋfimid i gcúinne an tiġe le ċéile agus déarfaiḋ mé ḋuit an t-aḃrán do rinne mé ḋuit. Is ort-sa rinneas é.
[Imṫiġeann siad go dtí an coirneull is faide ón stáid, agus suiḋeann siad anaice le ċéile]
[Tig Síġle asteaċ]
SÍĠLE. Ṫáinig mé ċugad ċoṁ luaṫ agus d'ḟeud mé.
MÁIRE. Céad fáilte róṁad.
SÍĠLE. Cad tá ar siúḃal agad anois?
MÁIRE. Ag tosuġaḋ atámuid. Ḃí aon ṗort aṁáin againn, agus anois tá an píobaire ag ól diġe. Tosóċaiḋ an daṁsa arís nuair ḃeiḋeas an píobaire réiḋ.
SÍĠLE. Tá na daoine ag bailiuġaḋ asteaċ go maiṫ, béiḋ daṁsa breáġ againn.
MÁIRE. Ḃeiḋ a Ṡíġle, aċt tá fear aca ann agus ḃ'ḟearr liom amuiġ ná astiġ é! Feuċ é.
SÍĠLE. Is ar an ḃfear fada donn atá tú ag caint, naċ eaḋ? An fear sin atá ag cóṁráḋ ċoṁ dlúṫ sin le Úna in san gcoirneull anois. Cá'r b'as é, no cia h-é féin?
MÁIRE. Sin é an sgraiste is mó ṫáinig i n-Éirinn ariaṁ. Tomás O h-Annraċáin ṫugann siad air, aċt Tomás Rógaire buḋ ċóir do ḃaisteaḋ air, i gceart. Óra! naċ raiḃ an mí-áḋ orm, é do ṫeaċt asteaċ ċugainn, ċor ar biṫ, anoċt!
SÍĠLE. Cia'n sórt duine é? Naċ fear déanta aḃrán as Connaċtaiḃ
é? Ċualaiḋ mé caint air, ċeana, agus deir siad naċ ḃfuil daṁsóir eile i n-Éirinn ċoṁ maiṫ leis: buḋ ṁaiṫ liom a ḟeicsint ag daṁsa.
MÁIRE. Gráin go deó ar an mbiṫeaṁnaċ! Tá's agam-sa go ró ṁaiṫ cia 'n cineál atá ann, mar ḃí sórt carṫanais idir é féin agus an ċéad-ḟear do ḃí agam-sa, agus is minic ċualaiḋ mé ó ḋiarmuid boċt (go ndéanaiḋ Dia trócaire air!) cia 'n sórt duine ḃí ann. Ḃí sé 'na ṁáiġistir sgoile, ṡíos i gConnaċtaiḃ, aċt ḃíoḋ h-uile ċleas aige buḋ ṁeasa ná a ċéile. Ag síor-ḋéanaṁ aḃrán do ḃíoḋ sé, agus ag ól uisge beaṫa, agus ag cur imris ar bonn ameasg na gcóṁarsan le n-a ċuid cainte. Deir siad naċ ḃfuil bean in sna cúig cúigiḃ naċ meallfaḋ sé. Is measa é ná Dóṁnall na Ġréine fad ó. Aċt buḋ é deireaḋ an sgéil gur ruaig an sagart amaċas an bparráiste é ar fad. Fuair sé áit eile ann sin, aċt lean sé do na cleasannaiḃ céadna, gur ruaigeaḋ amaċ arís é, agus arís eile, leis. Agus anois ní'l áit ná teaċ ná dadaiḋ aige aċt é ḃeiṫ ag gaḃail na tíre, ag déanaṁ aḃrán agus ag fáġail lóistín na h-oiḋċe ó na daoiniḃ. Ní ḋiúltóċaiḋ duine ar biṫ é, mar tá faicċeas orra roiṁe. Is mór an file é, agus b'éidir go ndéanfaḋ sé rann ort do ġreamóċaḋ go deó ḋuit, dá gcuirfeá fearg air.
SÍĠLE. Go ḃróiriḋ Dia orrainn. Aċt créad do ṫug asteaċ anoċt é?
MÁIRE. Ḃí sé ag taisteal na tíre, agus ċualaiḋ sé go raiḃ daṁsa le ḃeiṫ ann so, agus ṫáinig sé astéaċ mar ḃí eólas aige orrainn, — ḃí sé mór go leór le mo ċéad-ḟear. Is iongantaċ mar tá sé ag déanaṁ amaċ a ṡliġe-ḃ'eaṫa, ċor ar biṫ, agus gan aige aċt a ċuid aḃrán. Deir siad naċ ḃfuil áit a raċaiḋ sé naċ dtugann na mná gráḋ, agus naċ dtugann na fir fuaṫ ḋó.
SÍĠLE [ag breiṫ an ġualainn Máire]—'lompuiġ do ċeann, a Ṁáire, feuch é anois; é féin agus d' inġean-sa, agus a gcinn le ċéile. Tá sé tar éis aḃráin do ḋéanaṁ dí, agus tá sé ḋ'á ṁúnaḋ ḋíag cogarnuiġ in a cluais. Óra, an biṫeaṁnaċ! béiḋ sé ag cur a ċuid pistreóg ar Úna anois.
MÁIRE. Oċ ón! go deó! Naċ mí-áḋaṁail ṫáinig sé! Tá sé ag caint le Úna h-uile ṁóimid ó ṫáinig sé asteaċ, trí uaire ó ṡoin. Rinne mé mo ḋiṫċioll le n-a sgaraḋ ó ċéile, aċt ṫeip sé orm. Tá Úna ḃoċt tugṫa do h-uile ṡórt sean-aḃrán agus sean-ráiméis de sgéaltaiḃ, agus is binn leis an gcréatúir ḃeiṫ ag éisteaċt leis, mar tá béal aige sin do ḃréagfaḋ an smólaċ de'n ċraoiḃ. Tá's agad go ḃfuil an pósaḋ réiḋte socruiġṫe idir Úna agus Séamas O h-Iarainn ann sin, ráiṫe ó'n lá indiú. Feuċ Séamus boċt ag an dorus agus é ag faire orra. Tá brón agus ceannfaoi air. Is furus a ḟeicsint go mbuḋ ṁaiṫ le Seamus an sgraisde sin do ṫaċtaḋ an móimid seo. Tá faitċios mór orm go mbéiḋ an ceann iompuiġṫe ar Úna le n-a ċuid ḃladaireaċt. Ċoṁ cinnte a's tá mé beó, tiucfaiḋ olc as an oiḋċe seo.
SÍĠLE. Agus naċ ḃféadfá a ċur amaċ?
MÁIRE. D'ḟéadfainn; ní'l duine ann so do ċuideóċaḋ leis, muna mbeiṫ bean no dó. Aċt is file mór é, agus tá mallaċt aige do sgoilt-feaḋ na crainn agus do réabfaḋ na cloċa. Deir siad go loḃṫann an síol in san talaṁ, agus go n-imṫiġeann a gcuid ḃainne ó na baṫ nuair ṫugann file mar é sin a ṁallaċt dóiḃ, má ruaigeann duine as an teaċ é. Aċt dá mbeiṫ sé amuiġ, mise mo ḃannuiḋe naċ leigfinn asteach arís é.
SÍĠLE. Dá raċaḋ sé féin amaċ go toileaṁail, ní ḃeiṫ aon ḃriġ in a ċuid ṁallaċt ann sin?
MÁIRE. Ní ḃeiṫ. Aċt ní raċaiḋ sé amaċ go toileaṁail, agus ní ṫig liom-sa a ruagaḋ amaċ ar eagla a ṁallaċt.
SÍĠLE. Feuċ Séamus boċt. Tá sé dul anonn go h-Úna.
[Éiriġeann Seamus 7 téiḋeann sé go h-Úna.]
SÉAMUS. An ndaṁsóċaiḋ tú an rí seo liom-sa, a Úna, nuair ḃéiḋeas an píobaire réiḋ.
MAC UI h-ANN. [ag éirġe]. Is mise Tomás O h-Annraċáin, agus tá mé ag laḃairt le na Ní Ríogáin anois, agus ċoṁ fad agus ḃéiḋeas fonn uirre-se ḃeiṫ ag caint liom-sa ní leigfiḋ mé d'aon ḋuine eile do ṫeaċt eadrainn.
SÉAMUS [gan aire ar Mac Ui h-Annraċáin] Naċ ndaṁsóċaiḋ tú liom, a Úna?
MAC UI n-ANN [go fíoċṁar]. Nár ḋuḃairt mé leat anois gur liom-sa do ḃí Úna Ní Ríogáin ag caint? Imṫiġ leat ar an móimid, a ḃodaiġ, agus ná tóg clampar ann so.
SÉAMUS. A Úna...
MAC UI n-ANN. [ag béicil]. Fág sin!
[Imṫiġeann Séamas agus tig sé go dtí an ḃeirt ṡean-ṁnaoi.]
SÉAMUS. A Ṁáire Ní Ríogáin, tá mé ag iarraiḋ cead ort-sa an sgraiste mí-áḋaṁail meisgeaṁail sin do ċaiṫeaṁ amaċ as an tiġ. Má leigeann tú ḋam, cuirfiḋ mise agus mo ḃeirt ḋearḃráṫar amaċ é, agus nuair ḃéiḋeas sé amuiġ soċróċaiḋ mise leir.
MÁIRE. O! a Ṡéamais, ná déan. Tá faitċios orm roiṁe. Tá mallaċt aige sin do sgoiltfeaḋ na crainn, deir siad.
SÉAMAS. Is cuma liom má tá mallaċt aige do leagfaḋ na spéarṫa. Is orm-sa tuitfiḋ sé, agus cuirim mo ḋúḃṡlán faoi. Dá marḃóċaḋ sé mé ar an móimid ní leigfiḋ mé ḋó a ċuid ṗistreóg do ċur ar Úna. A Ṁáire, taḃair 'm cead.
SÍĠLE. Ná déan sin, a Séamuis, tá cóṁairle níos feárr 'ná sin agam-sa.
SÉAMUS. Cia an ċóṁairle í sin?
SÍĠLE. Tá sliġe in mo ċeann agam le n-a ċur amaċ. Má leanann siḃ-se mo ċóṁairle-se raċaiḋ sé féin amaċ ċoṁ socair le uan, d'á ṫoil féin, agus nuair ġeoḃaiḋ siḃ amuiġ é, buailiḋ an dorus air, agus ná leigiḋ asteaċ arís go bráṫ é.
MÁIRE. Raṫ ó Ḋia ort, agus innis dam cad é tá in do ċeann.
SÍĠLE. Déanfamaoid é ċoṁ deas agus ċoṁ simpliḋe agus ċonnaic tú ariaṁ. Cuirfimid é ag casaḋ sugáin go ḃfuiġimid amuiġ é, agus buailfimid an dorus air ann sin.
MÁIRE. Is forus a ráḋ, aċt ní forus a ḋéanaṁ. Déarfaḋ sé leat “déan sugán, ṫú féin."
SÍĠLE. Déarfamaoid, ann sin, naċ ḃfacaiḋ duine ar biṫ ann so sugán féir ariaṁ, naċ ḃfuil duine ar biṫ an san tiġ ar féidir leis ceann aca ḋéanaṁ.
SÉAMUS. Aċt an gcreidfiḋ sé rud mar sin — naċ ḃfacamar sugán riaṁ?
SÍĠLE. An gcreidfiḋsé,an eaḋ? Creidfiḋ sé rud ar biṫ ċreidfeaḋ sé go raiḃ sé féin 'na riġ ar Éirinn nuair ḃfuil glaine ólta aige, mar atá anois.
SÉAMUS. Aċt cad é an croiceann ċuirfeas sinn ar an mbréig seo, — go ḃfuil sugán féir ag teastál uainn?
MÁIRE. Smuaín ar ċroicionn do ċur air sin, a Ṡéamus.
SÉAMUS. Déarfaiḋ mé go ḃfuil an ġaoṫ ag eiriġe agus go ḃfuil cóṁdaċ an tiġe d'á sguabaḋ leis an stoirm, agus go gcaiṫfimid sugán ṫarraingt air.
MAIRRE. Aċt má éisteann sé ag an dorus béiḋ ḟios aige naċ ḃfuil gaoṫ ná stoirm ann. Smuaín ar ċroicionn eile, a Ṡéamus.
SÍĠLE. 'Nois, tá an ċóṁairle ċeart agam-sa. Abair go ḃfuil cóiste leagṫa ag bonn an ċnuic, agus go ḃfuil siad ag iarraiḋ sugáin leis an gcóiste do leasuġaḋ. Ní ḟeicfiḋ sé ċoṁ fada sin ó'n dorus, agus ní ḃéiḋ ḟios aige naċ fíor é.
MÁIRE. Sin é an sgéal, a Ṡíġle. 'Nois, a Ṡeamuis, gaḃ imeasg na ndaoine agus leig an rún leó. Innis dóiḃ cad tá aca le ráḋ - naċ ḃfacaiḋ duine ar biṫ san tír seo sugán féir riaṁ — agus cuir croicionn maiṫ ar an mbréig, ṫú féin.
[Imṫiġeann Séamus ó ḋuine go duine ag cogarnaiġ leó. Tosaiġeann cuid aca ag gáire. Tagann an píobaire agus tosuiġeann sé ag seinm. Éiriġeann trí no ceaṫrar de ċúplaċaiḃ, agus tosuiġeann siad ag daṁsa.
Imṫiġeann Séamas amach.]
MAC UI n-ANN. [ag éiriġe tar éis a ḃeiṫ ag féaċaint orra ar feaḋ cúpla móimid]. Pruit! stopagaiḋ! An dtugann siḃ daṁsa ar an strapaireaċt sin! Tá riḃ ag bualaḋ an urláir mar ḃeiṫ an oiread sin d'eallaċ. Tá riḃ ċoṁ trom lé bulláin, agus ċoṁ ciotaċ le asail. Go dtaċtar mo ṗíobán dá mb'ḟearr liom ḃeiṫ ag féaċaint orraiḃ 'ná ar an oiread sin laċain bacaċ, ag léimniġ ar fud an tiġ ar leaṫ-ċois! Fágaiḋ an t-urlár fá Úna Ní Ríogáin agus fúm-sa.
FEAR [atá dul ag daṁsa]. Agus cad fáṫ a ḃfágfamaois an t-urlár fút-sa?
MAC UI h-ANN. Tá an eala ar ḃruaċ na toinne, tá an Pnoénics Ríoġḋa, tá péarla an ḃrollaiġ ḃáin, tá an Ḃénus ameasg na mban, tá Úna Ní Ríogáin ag seasaṁ suas liom-sa, agus áit ar biṫ a n-éiriġeann sise suas úṁluiġeann an ġealaċ agus an ġurian féin dí agus úṁlóċaiḋ siḃ-se. Tá sí ró áluinn agus ró spéireaṁail le h-aon ḃean eile do ḃeiṫ 'na h-aice. Aċt fan go fóil, sul ṫaisbeánaim daoiḃ mar gniḋeann an buaċaill breáġ Connaċtaċ rinnce, déarfaḋ mé an t-aḃrán daoiḃ do rinne mé do Reult ċúige Múṁan—d'Úna Ní Riogáin. Éiriġ, a ġrian na mban, agus déarfamaoid an t-aḃrán le ċéile, gaċ le ḃéarsa, agus ann sin múinfimid dóiḃ cad é is rinnce fíreannaċ ann.
[Eiriġeann siad 7 gaḃaid aḃrán]
MAC UI n-ANN.
'Sí na ḃán, na gruaige buiḋe,
An ċúilḟionn 'ċráḋ in mo lár mo ċroiḋe,
Is ise mo rún, 's mo ċumann go buan,
Is cuma liom ċoiḋċe bean aċt í.
ÚNA.
A ḃáird na súile duiḃe, is tú
Fuair buaiḋ in san saoġal a's clú,
Goirim do ḃéal, a's molaim ṫú féin,
Do ċuiris mo ċroiḋe in mo ċléiḃ amúġ
MAC UI n-ANN.
'Sí Úna ḃán na gruaige óir,
Mo ṡearc, mo ċumann, mo ġráḋ, mo stór.
Raċaiḋ sí féin le n-a bárd i gcéin,
Do loit sí a ċroiḋe in a ċléiḃ go mór.
ÚNA.
Níor ḃḟada oiḋċe liom, ná lá,
Ag éisteaċt le do ċóṁráḋ breáġ.
Is binne do ḃéal ná seinm na n-éan,
Óm' ċroiḋe in mo ċléiḃ do fuairis gráḋ.
MAC UI n-ANN.
Do ṡiúḃail mé féin an doṁan iomlán,
Sacsana, Éire, an Ḟrainc 's an Spáin,
Ní ḟacaiḋ mé féin i mbaile ná''gcéin
Aon ainnir fa'n ngréin mar Úna ḃán.
ÚNA.
Do ċualaiḋ mise an ċláirseaċ ḃinn
San tsráid sin Ċorcaiġ, ag seinm linn,
Is binne go mór liom féin do ġlór,
Is binne go mór do ḃéal 'ná sin.
MAC UI т-ANN.
Do ḃí mé féin mo ċaḋan boċt, tráṫ,
Níor léir ḋam oiḋċe ṫar an lá,
Go ḃfacaiḋ mé í, do ġoid mo ċroiḋe,
A's do ḋíbir ḋíom mo ḃrón 's mo ċráḋ.
ÚNA.
Do ḃí mé féin ar maidin indé
Ag siúḃal cois coille le fáinne an laé,
Ḃí eun ann sin ag seinm go binn,
“Mo ġráḋ-sa an gráḋ, a's naċ áluinn é!"
[Glaoḋ agus torann, agus buaileann Seamus O h-Iarainn an dorus asteaċ]
SÉAMUS. Ob ob ú, oċ on í ó, go deó! Tá an cóiste mór leagṫa ag bonn an ċnuic. Tá an mála a ḃfuil litreaċa na tíre ann pléasgṫa, agus ní'l sreang ná téad ná rópa ná dadaiḋ aca le na ċeangailt arís.
Tá siad ag glaoḋaċ amaċ anois ar sugán féir do ḋéanaṁ dóiḃ — cibé sórt ruid é sin—agus deir siad go mbéiḋ na litreaċa 7 an cóiste caillte ar easḃuiḋ sugáin féir le n-a gceangailt.
MAC UI h-ANN. Ná bí 'g ár mboḋruġaḋ'! Tá án n-aḃrán ráiḋte againn, agus anois támaoid dul ag daṁsa. Ní ṫagann an cóiste an bealaċ sin ar aon ċor.
SÉAMUS. Tagann sé an bealaċ sin anois — aċt is dóiġ gur strainséar ṫusa, agus naċ ḃfuil eólas agad air. Naċ dtagann an cóiste ṫar an gcnoc anois a ċóṁarsanna?
IAD UILE. Tagann, tagann go cinnte.
MAC UI h-ANN. Is cuma liom, má ṫagann no muna dtagann. Aċt b'fearr liom fiċe cóiste ḃeiṫ briste ar an mbóṫar ná go gcuirfeá Péarla an ḃrollaiġ ḃáin ḋaṁsa dúinn. Abair leis an gcóisteóir rópa do ċasaḋ ḋó féin.
SÉAMUS. O murder, ní ṫig leis, tá an oiread sin de fuinneaṁ agus de ṫeas agus de ṡpreacaḋ agus de lúṫ in sna caplaiḃ aigeanta sin go gcaiṫiḋ mo ċóisteór boċt breiṫ ar a gcinn. Is ar éigin-báis is féidir leis a gceapaḋ ná a gcongḃáil. Tá faitċios a anam' air go n-eireóċaiḋ siad in a ṁullaċ, agus go n-imṫeóċiḋ siad uaiḋ de ruaig. Tá h-uile ṡeitreaċ asta, ní ḟacaiḋ tú riaṁ a leiṫéid de ċaplaiḃ fiaḋáine!
MAC UI h-ANN. Má tá, tá daoine eile ins an gcóiste a ḋéanfas rópa má's éigin do'n ċóisteóir ḃeiṫ ag ceann na gcapall: fág sin agus leig dúinn daṁsa.
SÉAMUS. Tá; tá triúr eile ann, aċt maidir le ceann aca, tá sé ar leaṫ-láiṁ, agus fear eile aca, — tá sé ag criṫ agus ag craṫaḋ leis an sgannraḋ fuair sé, ní ṫig leis seasaṁ ar a ḋá ċois leis an eagla atá air; agus maidir leis an tríoṁaḋ fear ní'l duine ar biṫ sin tír do leigfeaḋ an focal sin "rópa" as a ḃeul in a ḟiaḋnuise, mar naċ le rópa do ċroċaḋ a aṫair féin anurraiġ, mar ġeall ar ċaoiriġ do ġoid.
MAC UI h-ANN. Casaḋ fear agaiḃ féin sugán dó, mar sin, agus fágaiḋ an t-urlár fúinn. [le Úna.] 'Nois, a réilt na mban, taisbeán dóiḃ mar imṫiġeann lúnó imeasg na ndéiṫe, no Helen fá'r sgriosaḋ an Traoi Dar mo láiṁ, ó d'éag Déirdre, fá'r cuireaḋ Naoise mac Uisneaċ ċum báis, ní'l a hoiḋre i nÉirinn indiú aċt ṫu féin. Tosóċamaoid.
SÉAMUS. Ná tosaiġ, go mbéiḋ an sugán againn. Ní ṫig linn-ne sugán ċasaḋ. Ní'l duine ar biṫ annso ar féidir leis rópa do ḋéanaṁ!
MAC UI h-ANN. Ní'l duine ar biṫ ann so ar féidir leis rópa ḋéanaṁ!!
IAD UILE. Ní'l.
SÍĠLE. Agus is fíor ḋaoiḃ sin. Ní ḋearnaiḋ duine ar biṫ ins an
tíġ seo sugán féir ariaṁ, ní ṁeasaim go ḃfuil duine in san tiġ seo do ċonnaic ceann aca, féin, aċt mise. Is maiṫ cuiṁniġim-se, nuair naċ raiḃ ionnam aċt girseaċ ḃeag go ḃfacaiḋ mé ceann aca ar ġaḃar do rug mo ṡean-aṫair leis as Ċonnaċtaiḃ. Ḃíoḋ na daoine uile ag ráḋ, "ara! cia 'n sórt ruid é sin ċor ar biṫ?" agus duḃairt seisean gur sugán do ḃí ann, agus go gnidís na daoine a leiṫéid sin ḟíos i gConnaċtaiḃ. Duḃairt sé go raċaḋ fear aca ag congḃáil an ḟéir agus fear eile d'á ċasaḋ. Congḃóċaiḋ mise an féar anois, má ṫéiḋeann tusa d'á ċasaḋ.
SÉAMUS. Ḃéarfaiḋ mise glac féir asteaċ.
[imṫiġeann sé amaċ.]
maC ui n-annN [ag gaḃáil]
Déanfaiḋ mé cáineaḋ cúige Múṁan,
Ní ḟágann siad an t-urlár fúinn;
Ní'l ionnta casaḋ sugáin, féin!
Cúige Muṁan gan snas gan seun!
Gráin go deó ar ċúige Múṁan,
Naċ ḃfágann siad an t-urlár fúinn;
Cúige Múṁan na mbaillseóir mbréan,
Naċ dtig leó casaḋ sugáin, féin'
SÉAMUS [ar ais] — Seó an féar anois.
MAC UI h-ANN.—Taḃair 'm ann so é. Taisbeánfaiḋ mise ḋaoiḃ cad ḋéanfas an Connaċtaċ deaġ-ṁúinte deasláṁaċ, an Connaċtaċ cóir cliste ciallṁar, a ḃfuil lúṫ agus lán-stuaim aige in a láiṁ, agus ciall in a ċeann, agus coráiste in a ċroiḋe, aċt gur ṡeól mi-áḋ agus mór-ḃuaiḋreaḋ an tsaoġail é ameasg leibidíní ċúige Muṁan, atá gan aoirde gan uaisle, atá gan eólas ar an eala ṫar an laċain, no ar an ór ṫar an bprás, no ar an lile ṫar an ḃfóṫanán, no ar reult na mbán óg, agus ar ṗéarla an ḃrollaiġ ḃáin, ṫar a gcuid straoille agus giobaċ féin.
Taḃair 'm cipín!
[Séaċaideann fear maide ḋó, cuireann sé sop féir timċioll air; tosaiġeann sé ḋ'á ċasaḋ, agus Síġle ag taḃairt amaċ an ḟéir dó.]
MAC UI h-ANN [ag gaḃail]—
Tá péarla mná 'taḃairt soluis dúinn,
Is í mo ġráḋ, is í mo rún,
'S í na ḃán, an riġ-ḃean ċiuin,
'S ní ṫuigid na Muiṁniġ leaṫ a stuaim.
Atá na Muiṁniġ seo dallta ag Dia,
Ní aiṫniġid eala ṫar laċa liaṫ,
Aċt tiucfaiḋ sí liom-sa, mo Hélen ḃreáġ
Mar a molfar a pearsa 's a sgéiṁ go bráṫ.
Ara! ṁuise ! ṁuise ! ṁuise! Naċ é seo an baile breáġ láġaċ, naċ é seo an baile ṫar bárr, an baile a mbíonn an oiread sin rógaire croċta ann, naċ mbíonn aon easḃuiḋ rópa ar na daoiniḃ, leis an méad rópa ġoideann siad ó'n gcroċaire. Cráiḋteaċáin atá ionnta. Tá na rópaiḋ aca agus ní ṫugann siad uaṫa iad — aċt go gcuireann siad an Connaċtaċ boċt ag casaḋ sugáin dóiḃ! 'Níor ċas siad sugán féir in san mbaile seo ariaṁ — agus an méad suġán cnáibe atá aca de ḃárr an ċroċaire!
Gniḋeann Connaċtaċ ciallṁar
Rópa ḋó féin,
Aċt goideann an Muiṁneaċ
Ó'n gcroċaire é'!
Go ḃfeiciḋ mé rópa
Breáġ cnáibe go fóill
D'á ḟásgaḋ ar sgóigiḃ
Gaċ aoinne ann so!
Mar ġeall ar aon ṁnaoi aṁáin d'imṫiġeadar na Ġréagaiġ, agus níor stopadar agus níor ṁór-ċóṁnuiġeadar no gur sgriosadar an Traoi, agus mar ġeall ar aon ṁnaoi aṁáin béiḋ an baile seo damanta go deó na ndeór agus go bruinne an ḃráṫa, le Dia na ngrás, go síorruiḋe suṫain, nuair nár ṫuigeadar gur ab í Úna Ní Ríogáin an dara Helen do rugaḋ in a measg, agus go rug sí bárr áille ar Helen agus ar Ḃénus, ar a dtáinig roimpi agus ar dtiucfas 'na diaiġ.
Aċt tiucfaiḋ sí liom mo ṗéarla mná
Go cúige Connaċt na ndaoine breáġ;
Geoḃaiḋ sí féasta fíon a's feóil,
Rinnceanna Arda, spórt a's ceól.
O'! ṁuise! ṁuise! nár éiriġiḋ an ġrian ar an mbaile seo, agus nár lasaiḋ réalta air, agus nár –
[Tá sé san am so amuiġ ṫar an dorus. Éiriġeann na fir uile agus dúnaid é d'aon ruaig aṁáin air. Tugann Úna léim ċum an doruis, aċt beirid na mná uirri. Téiḋeann Séamus anonn ċuici.]
ÚNA. O! O! O! ná cuirigiḋe amaċ é. Leig ar ais é. Sin Tomás O h-Annraċain, is file é, is bárd é, is fear iongantaċ é. O leig ar ais é, ná déan sin air!
SÉAMUS. A Úna ḃán, agus a ċuisle ḋíleas, leig dó. Tá sé imṫiġṫe anois agus a ċuid ṗistreóg leis. Béiḋ sé imṫiġṫe as do ċeann amáraċ, agus béiḋ tusa imṫiġṫe as a ċeann-san. Naċ ḃfuil ḟios agat go maiṫ go mb'fearr liom ṫu 'ná céad míle Déirdre, agus gur tusa m'aon ṗéarla mná aṁáin d'á ḃfuil in san doṁan.
MAC UI h-ANN [amuiġ, ag bualaḋ ar an dorus]. Fosgail! fosgail! fosgail! Leigiḋ asteaċ mé. O mo ṡeaċt gcéad míle mllaċt orraiḃ,
Mallaċt na lag orraiḃ's na láidir,
Mallaċt na sagart agus na mbráṫair,
Mallaċt na n-Easball agus an Ṗápa,
Mallaċt na mbaintreaḃaċ 's na ngarlaċ.
Fosgail! fosgail! fosgail!
[Buaileann sé an dorus arís agus arís eile.]
SÉAMUS. Tá mé buiḋeaċ díḃ a ċóṁarsanna, agus béiḋ Úna buiḋeaċ díḃ amaraċ. Buail leat, a sgraiste! déan do ḋaṁsa leat féin amuiġ ann sin, anois! Ní ḃfuiġiḋ tú asteaċ ann so! Óra, a ċóṁarsanna naċ breáġ é, duine do ḃeiṫ ag éisteaċt leis an stoirm taoḃ amuiġ, agus é féin go socair sásta cois na teineaḋ. Buail leat! Buail leat. Cá 'uil Connaċt anois?
[CRÍOĊ.]